Ábhair le haghaidh na dtrialacha cás-staidéir
Ach cliceáil ar an nasc thíos, beidh tú in ann teacht ar na hábhair le haghaidh na dtrialacha ‘Cás-Staidéir” (CS).
I do chuireadh chun na dtrialacha, gheobhaidh tú uimhir Chás-Staidéir (e.g. Cás-Staidéar 1) a bhaineann go sonrach le do chomórtas.
Le linn na trialach, oibreoidh tú ar chás samhailteach a bhaineann leis an obair.
Roimh an triail CS, iarrtar ort féachaint ar na hábhair le haghaidh na trialach CS sin, iad a léamh agus anailís a dhéanamh orthu chun ullmhú don triail. Beidh na hábhair sin ar fáil duit ar lá na trialach chomh maith. Mar sin féin, tá cosc iomlán ar bhreathnú ar aon nóta a d’ullmhaigh tú roimh ré, agus ar nótaí a ghlacadh, le linn na trialach féin.
Tabharfar tasc ar leith duit ar lá na trialach.
Déan cinnte de go bhféachfaidh tú ar an bhFógra Comórtais ábhartha chun tuilleadh eolais a fháil.
Go n-éirí an t-ádh leat!
Name | File type | File size |
---|---|---|
Case study 1 | 840.84 KB | |
Case study 2 | 1.12 MB | |
OnDemand_CS_EN.pdf | 495.05 KB | |
OnDemand_CS_FR.pdf | 432.06 KB |