Freastal réasúnta a shainiú
Agus freastal/socruithe réasúnta á gcur ar fáil aige, tá sé d’aidhm ag EPSO a chinntiú gur féidir le hiarrthóirí faoi mhíchumas agus a bhfuil riachtanais shonracha acu dul san iomaíocht ar bhonn comhionann le hiarrthóirí eile. Tríd an bhfreastal sin a chur ar fáil, is é an aidhm atá ann deireadh a chur le bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar mhíchumas nó riocht sláinte an duine, gan modhnú a dhéanamh ar chineál ná ar leibhéal na scile nó na hinniúlachta atáthar a mheas.
Tá taithí ag ‘foireann inrochtana EPSO’ ar fhreastal réasúnta a shainiú agus is í atá freagrach as anailís a dhéanamh ar gach iarraidh aonair ar bhonn cás ar chás. Cuimsítear sa chleachtadh sin na príomhghnéithe seo a leanas:
- An iarraidh a chuireann iarrthóir isteach ar shocruithe sna trialacha roghnúcháin tríd an bhfoirm eolais maidir le riachtanais shonracha mar gheall ar mhíchumas nó riocht sláinte.
- Tuiscint mhaith ar chineál agus ar mhéid theorannú cumais an iarrthóra i gcomhthéacs an phróisis roghnúcháin.
- Doiciméid tacaíochta ó ghairmithe cáilithe agus/nó ó údaráis náisiúnta (e.g. deimhnithe míchumais, deimhnithe leighis, tuarascálacha speisialtóra);
- Saineolas EPSO maidir le freastal réasúnta.
- Cineál na dtrialacha agus na meán a úsáidtear (e.g. ar ríomhaire, peann agus páipéar).
- Trialacha a oiriúnú (e.g. maolú ar thrialacha scileanna réasúnaíochta teibí d’iarrthóirí a bhfuil lagú radhairc orthu).
- An cineál aschuir a bhfuiltear ag súil leis (e.g. freagraí ar cheistneoir ilrogha, an cineál aiste).
- Na cineálacha gníomhaíochtaí is gá chun na freagraí cearta a chur in iúl (e.g. cliceáil, clóscríobh, lámhscríbhneoireacht, labhairt, idirghníomhú).
- Aon eolas ábhartha eile.