
Samhail chomórtais le haghaidh oifigigh bhuana

Roghnaíonn institiúidí an Aontais baill foirne bhuana trí chomórtais oscailte a bhainistíonn EPSO.
Ceaptar bord roghnúcháin le haghaidh gach comórtais agus is é a dhéanann meastóireacht ar iarrthóirí le linn an phróisis.
Tá dhá chineál comórtais ann, mar atá comórtais ghinearálta agus comórtais speisialtóirí, agus fógraítear iad i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais.
Is féidir le céimithe ó gach réimse páirt a ghlacadh i gcomórtais ghinearálta agus níl aon taithí oibre de dhíth. Is féidir go n-earcófar iarrthóirí a n-éireoidh leo mar riarthóirí ag grád AD 5.
Baineann comórtais speisialtóirí le réimsí ar leith agus is iondúil go mbíonn taithí oibre ag teastáil i bhformhór na bpróifílí. Tá siad oscailte do chéimithe agus do dhaoine gan chéim, araon. Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo, is féidir go n-earcófar iad mar riarthóirí ag tosú ag grád AD 6 nó mar chúntóirí ag tosú ag grád AST 3 nó níos airde.
An 31 Eanáir, chinn comhlacht rialaithe EPSO, an Bord Bainistíochta idirinstitiúideach, deireadh a chur leis na trialacha béil i bpróisis roghnúcháin EPSO, mar chuid d’athmhachnamh ó bhonn ar an bpróiseas roghnúcháin atá ann faoi láthair.
Príomhchéimeanna na samhla comórtais
- An fógra comórtais a fhoilsiú ina bhfuil an t-eolas ar fad maidir leis an bpróifíl poist atá á lorg, na dualgais, na critéir incháilitheachta agus an próiseas roghnúcháin.
- Féinmheasúnú ar an incháilitheacht trí Ionstraim an tSuirbhé um Measúnú (EASI).
Is uirlis é EASI darb aidhm aiseolas roghnach a thabhairt d’iarrthóirí ar spéis leo é chun cuidiú leo tuiscint níos fearr a fháil ar a dhóchúla atá sé go gceadófar isteach iad i gcomórtas (is é sin go mbeidh siad incháilithe dó), ar bhonn a gcáilíochtaí agus a dtaithí oibre, i gcomparáid leis na riachtanais atá leagtha síos san fhógra comórtais. Is leis na hiarrthóirí féin a chomhroinnfear an t-aiseolas, agus leo sin amháin. Ní chomhroinnfear le haon chomhalta den bhord roghnúcháin é. - Céim an iarratais tríd an gcuntas EPSO – ní mór do gach iarrthóir cuntas EPSO a chruthú, arb é an phríomhuirlis chun fógraí a fháil agus cumarsáid a dhéanamh le linn an phróisis roghnúcháin. Téigh go dtí an leathanach tiomnaithe le haghaidh tuilleadh eolais.
- Céim tástála
- Trialacha scileanna réasúnaíochta ar bhonn pas/teip
Triail eolais faoin Aontas Eorpach i gcás na gcomórtas ginearálta nó Ceistneoir ilrogha faoin réimse lena mbaineann i gcás na gcomórtas do speisialtóirí – rangaithe - Triail scileanna digiteacha (nuair is infheidhme)
- Triail scríofa atá dírithe go príomha ar mheasúnú a dhéanamh ar scileanna cumarsáide scríofa (agus rud atá á chur in ionad an chás-staidéir ó 2024 ar aghaidh).
- Cás-staidéar (ina ndéantar measúnú ar scileanna dréachtaithe) nach gceartaítear ach dóibh siúd a bhaineann na torthaí is fearr amach sa triail eolais faoin Aontas Eorpach nó sa cheistneoir ilrogha faoin réimse lena mbaineann (rud atá á choinneáil le haghaidh roinnt comórtas atá ar siúl faoi láthair).
- Trialacha scileanna réasúnaíochta ar bhonn pas/teip
Tá tuilleadh eolais faoi na trialacha ar fáil ar an leathanach tiomnaithe.
- Seiceálacha incháilitheachta ag céim iomchuí (fíorú deireanach sula gcuirtear iarrthóir ar an bpainéal; seiceáil a dhéanamh ar an dara teanga, más gá). Féach leat an leathanach tiomnaithe faoi na riachtanais incháilitheachta.
- Painéal (bunachar sonraí na n-iarrthóirí ar éirigh leo, rud a fhoilsíonn EPSO ag deireadh gach comórtais agus a úsáideann institiúidí an Aontais le haghaidh a riachtanas earcaíochta sonrach)
- Ionú aonair ‘Iarraidh ar Athbhreithniú’ – Féadfaidh iarrthóirí athbhreithniú a iarraidh ar an gcinneadh maidir lena dtorthaí trialacha, má chreideann siad gur tharla earráid ábhartha nó gur sáraíodh rialacha nós imeachta an chomórtais, rud a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar thorthaí an phróisis roghnúcháin. Ní féidir an iarraidh sin a dhéanamh ach uair amháin, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá san fhógra comórtais.
Ag brath ar an gcomórtas, is féidir go mairfidh próiseas roghnúcháin do bhaill foirne bhuana an Aontais go ceann cúpla mí nó suas le roinnt míonna.
Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach ar na rialacháin foirne agus ar an leathanach Ceisteanna Coitianta maidir le EPSO. Tuilleadh eolais faoi phróifílí gairmréime in institiúidí an Aontais atá ag EPSO agus faoi dheiseanna fostaíochta atá ar fáil.