Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Athoscailt an Chomórtais le haghaidh Riarthóirí i réimsí an Bhainistithe géarchéime agus na hImirce agus na slándála inmheánaí

Tá na trialacha roghnúcháin ar fáil anois i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais

An bhfuil taithí agat i réimsí an bhainistithe géarchéime nó na himirce agus na slándála inmheánaí? Ar mhaith leat tús a chur le gairmréim idirnáisiúnta laistigh d’fhoireann ilchultúrtha ilchineálach? Dá mba mhaith, tá deis eile agat cur isteach ar an gcomórtas le haghaidh Riarthóirí i réimsí an Bhainistithe géarchéime agus na hImirce agus na slándála inmheánaí.

Le linn chomórtas oscailte EPSO/AD/403/23, bhí fadhbanna tromchúiseacha teicniúla ag baint leis na trialacha ar líne a rinneadh an 9-11 Deireadh Fómhair 2023. Dá thoradh sin, tá líon suntasach iarrthóirí ann nárbh fhéidir leo na trialacha a dhéanamh faoi dhálaí iomchuí nó iad a chríochnú. Bhí briseadh sa tástáil le haghaidh gach comórtais dá bharr sin, agus cuireadh an comórtas seo ar fionraí ina measc, agus thosaigh EPSO ag lorg roghanna malartacha le haghaidh córas níos fearr chun trialacha a reáchtáil.

Mar chuid den réiteach a socraíodh tá scrúdú ar líne a ndéanfar feitheoireacht uathoibrithe air, ach modhanna tástála eile a bheith i gceist. Chun a chinntiú go gcaithfear ar aon dóigh amháin le gach iarrthóir, athosclófar céim na tástála sa chaoi go mbeidh ar gach iarrthóir, na hiarrthóirí a rinne na trialacha roimhe sin san áireamh, dul faoi thástáil as an nua. Cuireadh an méid sin in iúl i scríbhinn do na hiarrthóirí atá ann cheana.

Dá bhrí sin, de réir an chinnidh ó bhord roghnúcháin an chomórtais, cuireadh ar ceal na hócáidí tástála a bhí ann an 9, an 10 agus an 11 Deireadh Fómhair 2023. Ní dhéanfar próiseáil iomlán ar thaifid feidhmíochta agus/nó scripteanna trialach na n-iarrthóirí a tháinig as na trialacha sin, agus ní ghinfear torthaí na dtrialacha aonair.

Tá an comórtas ar oscailt anois do na hiarrthóirí atá ann faoi láthair agus do na hiarrthóirí nua ar spéis leo iarratas a dhéanamh.

Tá deis ann dá bharr sin EPSO/AD/403/23 a ailíniú le ‘córas 24 theanga’ iomlán, lenar féidir le hiarrthóirí atá ann cheana agus iarrthóirí nua a d’fhéadfadh a bheith ann aon dá cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais a roghnú gan bhac le haghaidh na tástála. Agus an t-ailíniú sin á dhéanamh, déanfar, mar chuid de na coigeartuithe, triail scríofa ar scileanna cumarsáide scríofa a chur in ionad an chás-staidéir, triail a mheasfar de réir tacar sonrach ancairí nua.

  • Iarrthóirí a chuir isteach iarratas cheana féin, ní mór dóibh a n-iarratas a athbhreithniú agus a athbhailíochtú chun leanúint de pháirt a ghlacadh sa chomórtas seo. Beidh an deis acu athmhachnamh a dhéanamh ar a gcuid roghanna teanga le haghaidh na dtrialacha agus eolas nua a chur lena n-iarratas, de réir mar is ábhartha. Tugadh tuilleadh eolais do na hiarrthóirí sin ar bhonn aonair trína gcuntas EPSO.

Chun eolas a fháil faoi na leasuithe beachta ar an bhfógra comórtais tosaigh EPSO/AD/403/23, féach an Fógra lena leasaítear an fógra comórtais oscailte – EPSO/AD/403/23.

Na hiarrthóirí sin ar éirigh an comórtas leo, earcófar ina riarthóirí iad (grád AD7i réimse an Bhainistithe géarchéime agus i réimse na hImirce agus na slándála inmheánaí.

Nuair a chuirfear na hiarrthóirí a n-éireoidh leo ar phainéal, féadfaidh seirbhísí earcaíochta chomhlachtaí agus institiúidí an Aontais Eorpaigh ar spéis leo a bpróifíl dul i dteagmháil leo chun agallaimh earcaíochta spriocdhírithe a dhéanamh. Na hagallaimh sin agus aon phróiseas gaolmhar eile, tá siad lasmuigh den phróiseas roghnúcháin a dhéanann EPSO. Is iad na seirbhísí earcaíochta ábhartha a dhéanann agallaimh earcaíochta, i mBéarla agus/nó i bhFraincis de ghnáth. Féadfar teangacha eile a úsáid le linn na n-agallamh freisin, bunaithe ar riachtanais na seirbhísí earcaíochta agus ar an eolas a chuir na hiarrthóirí in iúl ina n-iarratas.

Is ag brath ar an réimse atá roghnaithe ag an iarrthóir a bheidh na príomhchúraimí a bheidh air. Tabhair do d’aire nach ceadmhach iarratas a dhéanamh ach ar aon cheann amháin de na réimsí thíos:

  • Réimse 1 – Bainistiú géarchéime: Na hiarrthóirí a n-éiríonn leo sa réimse seo, rannchuideoidh siad le beartas agus sásraí bainistithe géarchéime an Aontais, dréachtóidh siad reachtaíocht, agus déanfaidh siad formhaoirseacht ar nósanna imeachta reachtacha; tacóidh siad leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach agus leis an bhfeasacht staide maidir le tubaistí agus géarchéimeanna, forbróidh siad beartais coisctheacha agus gníomhaíochtaí ullmhachta, agus cuideoidh siad i sainaithint agus measúnú na rioscaí; beidh ról acu chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna consalacha a bhaineann le saoránaigh den Aontas i dtríú tíortha, dréachtóidh siad doiciméid straitéise, tuarascálacha, agus achoimrí beartais, agus tacaíodh siad le cruinnithe agus le grúpaí saineolaithe; déanfaidh siad comhordú le seirbhísí éagsúla, le Ballstáit agus le lárionaid ghéarchéime, forbróidh siad uirlisí cumarsáide agus bainistithe faisnéise, agus glacfaidh siad páirt sa chumarsáid phoiblí agus sa phlé le príomhpháirtithe leasmhara; rannchuideoidh siad le múscailt feasachta ar struchtúir agus sásraí bainistithe géarchéime.
     
  • Réimse 2 – An Imirce agus an tslándáil inmheánach: Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sa réimse seo, déanfaidh siad an méid seo a leanas: comhordú a dhéanamh ar na gníomhaithe atá páirteach i gcur chun feidhme bheartais imirce, tearmainn, agus slándála poiblí an Aontais; comhairle beartais, anailís agus tuairisceoireacht a chur ar fáil maidir leis an imirce agus an tslándáil inmheánach, monatóireacht a dhéanamh ar shreabha imirce neamhrialta agus ar bhailiúcháin sonraí ina measc; an tacaíocht do bhainistiú na himirce a mhúnlú mar aon le beartais slándála inmheánaí, páirt a ghlacadh i dtionscnaimh reachtacha agus i gcaibidlíocht reachtach, agus cinnte a dhéanamh de chórais éifeachtacha inbhuanaithe bainistithe imirce; cuidiú le comhordú a dhéanamh ar na saincheisteanna oibríochtúla, beartais, maoinithe agus dlíthiúla a bhaineann leis an imirce agus an tslándáil inmheánach, staideanna géarchéime a láimhseáil, agus ábhar cumarsáide a dhréachtú; tacú leis an ardbhainistíocht agus le cuairteanna polaitiúla, idirchaidreamh a dhéanamh le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhrialtasacha, formhaoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus ar mheastóireachtaí ar thionscadail, agus rannchuidiú leis an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí, leis an gCiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, agus leis an gCiste Slándála Inmheánaí.

Tá na dualgais shonracha a bheidh i gceist do na hiarrthóirí a n-éireoidh leo leagtha amach san fhógra comórtais. Is féidir gur dualgais éagsúla a bheidh i gceist de réir na hinstitiúide de chuid an Aontais ina n-earcófar iad.

Don duine atá fostaithe acu, cuireann institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais pobal saineolais ar fáil maille le cuid mhór deiseanna ar a fhorbairt phearsanta agus a fhorbairt ghairmiúil a leathnú. Na foirne ilchultúrtha idirnáisiúnta ilchineálacha a bhíonn ag obair in institiúidí an Aontais, bíonn siad ag obair ar son tuairim agus 450 milliún saoránach den Aontas agus tuilleadh nach iad. Bunphrionsabail de chuid an Aontais is ea meas ar an éagsúlacht chultúrtha agus cur chun cinn comhdheiseanna. Tá tuilleadh eolais faoi bheartas comhdheiseanna EPSO ar fáil ar an leathanach tiomnaithe seo.

An bhfuil an mianach ceart ionat?

Ní ghlacfar le hiarratais ach ó shaoránaigh den Aontas Eorpach a bhfuil cearta iomlána acu mar shaoránaigh den Aontas.

Ní mór eolas cuimsitheach a bheith agat ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais agus eolas sásúil a bheith agat ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais.

Ní mór an méid seo a leanas a bheith agat chomh maith:

  • céim ollscoile 4 bliana ar a laghad agus 6 bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil ábhartha a fuarthas ina diaidh sin – sin nó céim ollscoile 3 bliana ar a laghad agus 7 mbliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil ábhartha a fuarthas ina diaidh sin.

Tá eolas mionsonraithe faoi na riachtanais le fáil san fhógra comórtais agus san fhógra leasaitheach a ghabhann leis ar an leathanach iarratais thíos.

Is féidir iarratas a dhéanamh ón 28 Bealtaine 2024 go dtí an 9 Iúil 2024 ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile.