
Próiseas roghnúcháin CAST Buan

Le próiseas roghnúcháin CAST Buan, féadfaidh institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh baill foirne ar conradh a earcú chun dul ag obair i réimsí gairmiúla éagsúla.
Is uirlis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh é CAST. Is éard atá i gceist le Buan nach bhfuil aon sprioc-am ann le hiarratas a dhéanamh, mar sin is féidir le hiarrthóirí iarratas a chur isteach tráth ar bith.
Earcaítear baill foirne ar conradh le hobair láimhe nó cúraimí a bhaineann le seirbhísí tacaíochta riaracháin a dhéanamh ar bhonn sealadach nó le hacmhainn bhreise a chur ar fáil i sainréimsí ina bhfuil easpa oifigeach a bhfuil na scileanna riachtanacha acu.
Ar leathanach na ndeiseanna fostaíochta, tiocfaidh tú ar Ghlaonna ar Léiriú Spéise CAST Buan le haghaidh próifílí i réimsí amhail an t-airgeadas, gnóthaí polaitíochta/beartais an Aontais, rúnaithe agus cléirigh, teicneolaíocht faisnéise, an dlí agus an chumarsáid, gan ach cuid acu a lua. Ba cheart d’iarratasóirí na treoracha a bhaineann le gach ceann de na glaonna a leanúint.
Le tabhairt faoin bpróiseas iarratais, is gá duit cuntas EPSO a chruthú agus sonraí pearsanta, gairmiúla agus oideachasúla a chur isteach i mbunachar sonraí CAST.
Ní hionann iarratas a chur isteach do phróiseas roghnúcháin CAST Buan agus a rá go dtabharfar cuireadh go huathoibríoch d’iarrthóirí na trialacha a dhéanamh.
Aon uair a thagann riachtanais earcaíochta chun cinn, d’fhéadfadh institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais bunachar sonraí CAST a chuardach agus líon teoranta iarrthóirí a chur ar an ngearrliosta, iarrthóirí a bhfuil a gcuid scileanna ag teacht le riachtanais an phoist atá i gceist.
Tabharfar cuireadh do na hiarratasóirí réamhroghnaithe sin trialacha arna n-eagrú ag EPSO a dhéanamh: trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire (MCQ), ina bhfuil trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí i gceist; triail inniúlachta (eolas ar réimse na speisialtóireachta) nó triail tuisceana teanga (le haghaidh próifílí teangeolaithe). Go dtí go ndéanfar athruithe ar an gcóras trialacha, is é EPSO amháin a bheidh freagrach as na trialacha réasúnaíochta a eagrú, ach ní bheidh sé freagrach as na trialacha inniúlachtaí. Déanfaidh seirbhísí earcaíochta institiúidí an Aontais Eorpaigh próiseas roghnúcháin na mball foirne ar conradh a oiriúnú dá réir, agus coinneoidh siad a seirbhísí ábhartha ar an eolas faoin bpróiseas is infheidhme.
Na hiarrthóirí sin a n-éiríonn leo sna trialacha, féadfar cuireadh a thabhairt dóibh agallamh a dhéanamh agus iad a earcú ina dhiaidh sin.
Faigh tuilleadh eolais faoin bpróiseas ar ár leathanach CAST Buan. Is féidir leat iarratas díreach a dhéanamh ón leathanach sin freisin.