Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Buntáistí

A bhfuil á thairiscint againn

Má thagann tú ag obair linn, beidh tú ag obair le daoine as gach cearn den Eoraip. Ní hamháin go mbeidh baint ag cúrsaí idirnáisiúnta le do phost laethúil, ach tá gach seans ann go mbeidh ort aistriú go dtí an Bhruiséil nó go Lucsamburg, dhá chathair ilchultúrtha éagsúla. Toisc gur sna cathracha sin atá na hinstitiúidí Eorpacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile suite, bíonn daoine as gach cearn den mhór-roinn ina gcónaí agus ag obair abhus, agus cloisfidh tú na seacht dteanga á labhairt ar na sráideanna.

Tá sár-áiseanna siopadóireachta agus rogha mhór siamsaíochta sa dá chathair, idir bhialanna, chlubanna agus bheáranna, ionaid chultúrtha agus chlubanna spóirt. Níl siad rómhór, agus ní fada ó lár na cathrach go dtí an tuath. Is i gcroílár na hEorpa atá siad suite, agus tá roinnt príomhchathracha eile (Amstardam, Páras, Londain) faoi chúpla uair an chloig taistil uathu.

Cothromaíocht idir an obair agus an saol

Is féidir cothromaíocht shláintiúil a bhaint amach idir an obair agus an saol le gairmréim san Aontas Eorpach. Cé go mbaineann éileamh agus dúshlán le ról a bheith agat sna hinstitiúidí Eorpacha, is minic gur féidir cothromaíocht mhaith a bhaint amach idir an obair agus an saol.

Luach Saothair

Cibé acu post buan, conradh ar théarma seasta nó ról sealadach a roghnóidh tú, gheobhaidh tú tuarastal iomaíoch a bheidh ag teacht le do scileanna agus leis an taithí atá agat. De réir an ghráid nó an róil a bhfuil tú ag cur isteach air a shocrófar an tuarastal.

Ag brath ar do shaol pearsanta, b'fhéidir go mbeifeá i dteideal liúntas easaoránachta, liúntas leanaí nó liúntas taistil.

Saol an teaghlaigh

Má tá clann ort nó má tá rún agat teaghlach a bhunú amach anseo, tá scoileanna náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta den chéad scoth sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Beimid breá sásta tú a chur i dteagmháil le naíonraí, le naíolanna agus le háiseanna eile.

Deiseanna oiliúna

Le linn duit bheith ag obair in institiúidí an Aontais, beidh tú de shíor ag forbairt do chuid scileanna chun freastal ar riachtanais na gairmréime dúshlánaí atá agat. Is iomaí teanga a chloisfidh tú ó lá go lá, agus beidh foghlaim na dteangacha ina cuid thábhachtach d'fhorbairt do ghairmréime. Sula bhfaighidh tú an chéad ardú céime, beidh ort do chumas sa tríú teanga Eorpach a léiriú; cuireann na hinstitiúidí Eorpacha cúrsaí ar fáil sna teangacha oifigiúla uile chun gur fusa duit cumarsáid a dhéanamh leis na baill foirne eile. Beidh rogha agat idir 6 leibhéal éagsúla (ó leibhéal an tosaitheora go hardleibhéal), dianchúrsaí, cúrsaí coicíse nó cúrsaí ríomhfhoghlama.

Le cois na gcúrsaí teanga, cuirtear deiseanna oiliúna ar fáil chun gur féidir leat scileanna gairme riachtanacha eile a fheabhsú de réir mar a rachaidh do ghairmréim chun cinn. Sa chaoi sin, cuirtear forbairt gairmréime ar fáil do gach iarrthóir ar éirigh leis.