Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cúntóirí i réimse an airgeadais

An bhfuil taithí i réimse an airgeadais agat? Ar mhaith leat tús a chur le gairmréim idirnáisiúnta laistigh d’fhoireann ilchultúrtha ilchineálach? Dá mba mhaith, léigh leat.

Tá an tAontas Eorpach ag lorg gairmithe sna réimsí seo a leanas: bainistíocht airgeadais, cuntasaíocht agus ciste, agus soláthar poiblí. Is ag grád cúntóra AST 3 a earcófar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo.

Tá deiseanna ar fáil d’iarrthóirí a bhfuil aon cheann de na próifílí thíos acu. Tabhair do d’aire nach féidir iarratas a dhéanamh ach ar aon réimse amháin.

  • Réimse 1 – Bainistíocht airgeadais: Ar na príomhchúraimí a bheidh ort, beidh cúnamh a thabhairt chun na nithe seo a leanas a dhéanamh: an buiséad bliantúil a ullmhú agus a fhorfheidhmiú agus monatóireacht a dhéanamh air; sainchomhaid airgeadais a chur ar bun; monatóireacht a dhéanamh ar chonarthaí, ar chomhaontuithe deontais, agus ar chomhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse; bainistíocht airgeadais fhónta a chinntiú; pleananna gníomhaíochta/moltaí iniúchóireachta a chur chun feidhme; comhairle a thabhairt do na haonaid oibríochtúla faoi oibríochtaí buiséadacha agus airgeadais a bhainistiú; tuarascálacha/staidreamh airgeadais a tharraingt suas.
     
  • Réimse 2 – Cuntasaíocht agus ciste: Ar na príomhchúraimí a bheidh ort, beidh cúnamh a thabhairt chun na nithe seo a leanas a dhéanamh: máistirshonraí agus cuntais bhainc na n-eintiteas dlíthiúil a fhíorú; sonraisc a bhainistiú; íocaíochtaí údaraithe a dhéanamh agus monatóireacht a dhéanamh orthu; aisghabháil méideanna is infhaighte agus iontrálacha cuntasaíochta gaolmhara a dhéanamh; sócmhainní, dímheas agus fardail a bhainistiú; aisghabhálacha CBL; rialuithe rialta airgeadais agus cuntasaíochta a dhéanamh; an ciste a bhainistiú; tuarascálacha a dhréachtú; oiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil i gcúrsaí cuntasaíochta.
     
  • Réimse 3 – Soláthar poiblí: Ar na príomhchúraimí a bheidh ort, beidh cúnamh a thabhairt chun na nithe seo a leanas a dhéanamh: nósanna imeachta soláthair phoiblí a chlárú agus a chur chun feidhme; freagraí a dhréachtú, iarrataí ar fhaisnéis/soiléiriú, litreacha maidir le nósanna imeachta tairisceana; cúnamh a thabhairt monatóireacht dhlíthiúil agus airgeadais a dhéanamh ar chonarthaí; córais ríomhsholáthair a dhearadh, a fhorbairt agus a chothabháil; oiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil do na seirbhísí oibríochtúla maidir le rialacha soláthair phoiblí agus dea-chleachtais.

Tá eolas mionsonraithe faoi dhualgais shonracha an phoist le fáil san fhógra comórtais (féach Iarscríbhinn II – Príomhdhualgais).