Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cúntóirí (AST – Speisialtóirí)

Na hiarrthóirí a ghlacfaidh páirt i gcomórtas le haghaidh Cúntóirí (AST – Speisialtóirí), is féidir go mbeidh orthu sraith trialacha a dhéanamh. Tá roinnt samplaí agus/nó eolas ar fáil thíos:

 

Trialacha réasúnaíochta le haghaidh AST

Trialacha réasúnaíochta:

Trialacha ilroghnacha is ea na trialacha réasúnaíochta chun measúnú a dhéanamh ar do chumas smaoineamh go loighciúil agus eolas briathartha agus uimhriúil a thuiscint, chomh maith leis an ngaol idir coincheapa nach bhfuil eilimintí teanga, spásúla ná uimhriúla (teibí) i gceist leo. 

Bain triail as ár gcuid samplaí anseo thíos: (Tabhair do d’aire go bhféadfadh níos mó ama ná mar is iondúil a bheith i gceist le lódáil na dtrialacha samplacha.)

  • Réasúnaíocht bhriathartha:

               BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA HR IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV 

  • Réasúnaíocht uimhriúil:

              BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA HR IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV

  • Réasúnaíocht theibí:

              EN FR DE 

  Is féidir breathnú ar leagan inrochtana de na trialacha samplacha sin freisin.
 

Ceistneoir ilrogha réimse-shonrach

Is éard atá sa cheistneoir ilrogha réimse-shonrach sraith ceisteanna atá ceaptha tástáil a dhéanamh ar na scileanna agus ar an eolas a bhaineann le réimse an chomórtais. Is ar dhualgais na próifíle sonraí atá na ceisteanna bunaithe. Baineann ceithre fhreagra éagsúla le gach ceist, agus níl ach ceann acu ceart.

Tugtar tuilleadh eolais san fhógra comórtais agus sa chuireadh i scríbhinn.

Triail scríofa

Agus EPSO ag bogadh i dtreo córas iomlán 24 theanga, tabharfaidh EPSO cineál nua trialach isteach ina phróisis roghnúcháin amhail ó 2024: an triail scríofa, darb aidhm measúnú a dhéanamh ar scileanna cumarsáide scríofa na n-iarrthóirí. Tiocfaidh an triail scríofa in ionad an chás-staidéir*.

Faoin téarma ‘triail scríofa’, tá trí chineál éagsúla trialacha ann a mbainfidh EPSO úsáid astu de réir na riachtanas a chuirfidh na seirbhísí earcaíochta in iúl le haghaidh gach comórtais:

  1. Triail scríofa a bhaineann le réimse/réimsí an chomórtais, lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus na scileanna sin amháin
  2. Triail scríofa réimse-shonrach lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus ar eolas an iarrthóra i réimse ábhartha an chomórtais.
  3. Aiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus na scileanna sin amháin

Beidh ar na hiarrthóirí freagra a thabhairt ar thasc nó ar thascanna na trialach bunaithe ar na doiciméid a chuireann EPSO ar fáil agus a bhaineann le réimse/réimsí an chomórtais, mar a shonraítear san fhógra comórtais.

Ní triail teanga atá sa triail scríofa. Déanfar measúnú ar iarrthóirí ar bhonn na n-ancairí sonracha atá liostaithe thíos (is éard is ‘ancairí’ ann na gnéithe a chuireann na marcálaithe trialacha, i.e. na measúnóirí, san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar inniúlacht ar leith).

‘Ancairí’ le haghaidh scileanna cumarsáide scríofa:

Déanann an t-iarrthóir an méid seo a leanas:

  1. déanann sé an chumarsáid scríofa a struchtúrú le sreabhadh loighciúil smaointe.
  2. scríobhann sé go hachomair gan focail agus abairtí a úsáid nach bhfuil gá leo.
  3. cuireann sé ábhar i láthair ar bhealach intuigthe.
  4. déanann sé a chuid scríbhneoireachta a oiriúnú dóibh siúd ar a bhfuil sé ag díriú agus don chuspóir atá beartaithe.
  5. úsáideann sé an t-eolas a chuirtear ar fáil chun déileáil leis an tasc.

*Leanfar de na cás-staidéir a úsáid le haghaidh roinnt comórtas atá ar siúl cheana féin.