Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cúntóirí (AST-SC)

Is féidir go mbeidh ar na hiarrthóirí a ghlacfaidh páirt sa chomórtas le haghaidh Cúntóirí (AST-SC) pas a fháil sna trialacha seo a leanas:

 

Trialacha réasúnaíochta le haghaidh AST

Trialacha réasúnaíochta:

Trialacha ilroghnacha is ea na trialacha réasúnaíochta chun measúnú a dhéanamh ar do chumas smaoineamh go loighciúil agus eolas briathartha agus uimhriúil a thuiscint, chomh maith leis an ngaol idir coincheapa nach bhfuil eilimintí teanga, spásúla ná uimhriúla (teibí) i gceist leo. 

Bain triail as ár gcuid samplaí anseo thíos: (Tabhair do d’aire go bhféadfadh níos mó ama ná mar is iondúil a bheith i gceist le lódáil na dtrialacha samplacha.)

  • Réasúnaíocht bhriathartha:

               BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA HR IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV 

  • Réasúnaíocht uimhriúil:

              BG ES CS DA DE ET EL EN FR GA HR IT LV LT HU MT NL PL PT RO SK SL FI SV

  • Réasúnaíocht theibí:

              EN FR DE 

  Is féidir breathnú ar leagan inrochtana de na trialacha samplacha sin freisin.
 

EU Knowledge

A multiple-choice questionnaire about the EU, the EU institutions and EU main policies.

Please try our samples.

You can find here a selection of publications to help you prepare for the EU Knowledge test.

Scileanna digiteacha

Is é is aidhm don triail scileanna digiteacha measúnú a dhéanamh ar litearthacht dhigiteach agus ar eolas praiticiúil na n-iarrthóirí, de réir mar is ábhartha.

D’fhéadfadh na 5 réimse seo a leanas a bheith san áireamh sa triail seo: 

  • Eolas agus litearthacht sonraí
  • Cumarsáid agus comhar
  • Cruthú ábhair dhigitigh
  • Sábháilteacht
  • Réiteach fadhbanna
     

Bain triail as na ceistneoirí samplacha.

Triail scríofa

Agus EPSO ag bogadh i dtreo córas iomlán 24 theanga, tabharfaidh EPSO cineál nua trialach isteach ina phróisis roghnúcháin amhail ó 2024: an triail scríofa, darb aidhm measúnú a dhéanamh ar scileanna cumarsáide scríofa na n-iarrthóirí. Tiocfaidh an triail scríofa in ionad an chás-staidéir*.

Faoin téarma ‘triail scríofa’, tá trí chineál éagsúla trialacha ann a mbainfidh EPSO úsáid astu de réir na riachtanas a chuirfidh na seirbhísí earcaíochta in iúl le haghaidh gach comórtais:

  1. Triail scríofa a bhaineann le réimse/réimsí an chomórtais, lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus na scileanna sin amháin
  2. Triail scríofa réimse-shonrach lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus ar eolas an iarrthóra i réimse ábhartha an chomórtais.
  3. Aiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh lena ndéantar measúnú ar scileanna cumarsáide scríofa agus na scileanna sin amháin

Beidh ar na hiarrthóirí freagra a thabhairt ar thasc nó ar thascanna na trialach bunaithe ar na doiciméid a chuireann EPSO ar fáil agus a bhaineann le réimse/réimsí an chomórtais, mar a shonraítear san fhógra comórtais.

Ní triail teanga atá sa triail scríofa. Déanfar measúnú ar iarrthóirí ar bhonn na n-ancairí sonracha atá liostaithe thíos (is éard is ‘ancairí’ ann na gnéithe a chuireann na marcálaithe trialacha, i.e. na measúnóirí, san áireamh agus measúnú á dhéanamh acu ar inniúlacht ar leith).

‘Ancairí’ le haghaidh scileanna cumarsáide scríofa:

Déanann an t-iarrthóir an méid seo a leanas:

  1. déanann sé an chumarsáid scríofa a struchtúrú le sreabhadh loighciúil smaointe.
  2. scríobhann sé go hachomair gan focail agus abairtí a úsáid nach bhfuil gá leo.
  3. cuireann sé ábhar i láthair ar bhealach intuigthe.
  4. déanann sé a chuid scríbhneoireachta a oiriúnú dóibh siúd ar a bhfuil sé ag díriú agus don chuspóir atá beartaithe.
  5. úsáideann sé an t-eolas a chuirtear ar fáil chun déileáil leis an tasc.

*Leanfar de na cás-staidéir a úsáid le haghaidh roinnt comórtas atá ar siúl cheana féin.