Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Riarthóirí i réimse an chánachais

picture of people

An bhfuil taithí agat i réimse an chánachais dhírigh nó indírigh? Ar mhaith leat tús a chur le gairmréim idirnáisiúnta mar chuid d’fhoireann ilchultúrtha ilchineálach? Dá mba mhaith, léigh leat.

Tá Institiúidí an Aontais Eorpaigh ag lorg gairmithe in dhá réimse éagsúla: cánachas díreach agus cánachas indíreach, dlí cánach san áireamh. Ceapfar na hiarrthóirí rathúla mar riarthóirí, grád AD6.

Is ag brath ar an réimse atá roghnaithe agat a bheidh na príomhchúraimí a bheidh ort. Tabhair do d’aire nach ceadmhach iarratas a dhéanamh ach ar aon cheann amháin de na réimsí seo a leanas:

  • Réimse 1 – Cánachas díreach, dlí cánach san áireamh

D’fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas a bheith ar na príomhchúraimí a bheidh ort: beartais agus reachtaíocht i réimse an chánachais dhírigh a fhorbairt, a chur chun feidhme agus meastóireacht a dhéanamh orthu; measúnú a dhéanamh ar reachtaíocht chánach i mBallstáit an Aontais agus i dtríú tíortha (i.e. tíortha lasmuigh den Aontas Eorpach); scrúdú a dhéanamh ar fhiosrúcháin, gearáin agus achainithe maidir le saincheisteanna cánachais dhírigh; tuairimí dlíthiúla agus doiciméid a ullmhú le haghaidh imeachtaí cúirte agus eadrána; nósanna imeachta um shárú a bhainistiú; rialacha maidir le Státchabhair a fhorfheidhmiú; tograí reachtacha, malartú faisnéise agus comhordú uirlisí TF leis na Ballstáit a éascú; ionadaíocht agus caibidlíocht a dhéanamh go hidirnáisiúnta maidir le saincheisteanna cánachais dhírigh; anailísí polaitiúla/beartais, dlíthiúla nó eolaíocha a dhéanamh; buiséid agus tionscadail a bhainistiú a bhaineann leis an gcánachas díreach.

  • Réimse 2 – Cánachas indíreach, dlí cánach san áireamh

D’fhéadfadh ceann amháin nó níos mó de na cúraimí seo a leanas a bheith ar na príomhchúraimí a bheidh ort: beartais agus reachtaíocht a fhorbairt, a chur chun feidhme agus meastóireacht a dhéanamh orthu i réimse an chánachais indírigh; rialacha maidir leis an Státchabhair a fhorfheidhmiú i réimse an chánachais indírigh; scrúdú a dhéanamh ar fhiosrúcháin, gearáin agus achainithe a bhaineann le cánachas indíreach; tuairimí dlíthiúla a ullmhú agus nósanna imeachta um shárú a bhainistiú; iniúchtaí CBL agus cúraimí gaolmhara sna Ballstáit a phleanáil agus a chur i gcrích, agus obair leantach a dhéanamh i dtaca leo; comhordú agus caibidlíocht a dhéanamh agus ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna ar an leibhéal idirnáisiúnta; anailís beartais, dhlíthiúil, agus eolaíoch a dhéanamh, agus léargais theicniúla a aistriú ina mbearta ábhartha; gnéithe buiséadacha, airgeadais agus cuntasaíochta a bhainistiú agus formhaoirseacht a dhéanamh ar thionscadail i réimse an chánachais indírigh.

Tá eolas mionsonraithe faoi dhualgais shonracha an phoist le fáil san fhógra comórtais (féach Iarscríbhinn II – Príomhdhualgais).