Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

4. Cúiseanna le neamh-inghlacthacht gearán

Tá imthosca áirithe ann inar féidir a mheas go bhfuil gearán neamh-inghlactha. Diúltóidh EPSO do ghearáin neamh-inghlactha gan iad a scrúdú ó thaobh ábhair de.


4.1. Gan na céimeanna éigeantacha a chur i gcrích

Iarrthóirí nár chuir i gcrích an tseiceáil éigeantach réamhriachtanais theicniúil, an sioncrónú/na sioncrónuithe is gá, triail nascachta, nó seiceáil córais agus/nó bréagthástáil, ag brath ar an imeacht trialach atá i gceist, rudaí atá ag teastáil chun ullmhacht a chinntiú don seisiún trialach cianda, ní bheidh na hiarrthóirí sin incháilithe chun gearán a dhéanamh.

Tá an tseiceáil réamhriachtanais riachtanach chun fíorú a dhéanamh ar chumas teicniúil agus ullmhacht an iarrthóra don timpeallacht trialach.


4.2. Gan fabhtcheartú a dhéanamh

Gearáin ó iarrthóirí nach ndéanann fabhtcheartú de réir na dtreoracha a chuirtear ar fáil, ní mheasfar na gearáin sin a bheith inghlactha. Tá sé ríthábhachtach cloí leis na céimeanna atá leagtha amach sna treoracha maidir le fabhtcheartú. 
Ba cheart d’iarrthóirí iarracht a dhéanamh fabhtcheartú a dhéanamh as a stuaim féin ar dtús, agus ansin teagmháil a dhéanamh go pras le seirbhís deisce cabhrach an tsoláthraí trialach tríd an gcainéal atá sonraithe sna treoracha le haghaidh tuilleadh cúnaimh.


4.3. An gearán a chur isteach go déanach

Gearáin ó iarrthóirí nach gcuireann a ngearán isteach laistigh den tréimhse ama shonraithe tar éis dóibh a dtrialacha a chur i gcrích, ní chuirfear san áireamh iad. 
Tá sé ríthábhachtach gearáin a chur isteach go tráthúil chun gur féidir iad a réiteach go héifeachtúil agus chun sláine an phróisis scrúdúcháin a choinneáil.


4.4. Doiciméadacht nó fianaise neamhleor

Gearáin nach bhfuil fianaise ná doiciméadacht leordhóthanach ag gabháil leo chun tacú leis an tsaincheist theicniúil thuairiscithe, measfar iad a bheith neamh-inghlactha. Ní mór d’iarrthóirí an t-eolas mionsonraithe thuasluaite a chur ar fáil chun an t-imscrúdú agus an próiseas réitigh a éascú.

Ina theannta sin, ní mór d’iarrthóirí míniú críochnúil a thabhairt ar an bhfadhb theicniúil a tharla, agus aon chomhthéacs ábhartha nó aon chéimeanna a rinneadh sular tharla sí agus an chaoi a ndearna siad fabhtcheartú a chur san áireamh. Mura gcuirtear míniú leordhóthanach ar fáil i leith na faidhbe a tharla, is amhlaidh nach bhféadfar imscrúdú a dhéanamh ar an ngearán, agus beidh sé neamh-inghlactha dá thoradh.

Seo a leanas na comhpháirteanna bunriachtanacha atá i míniú leordhóthanach:

  • Cur síos ar an bhfadhb: cur síos beacht cuimsitheach ar an bhfadhb, lena n-áirítear an méid a chuaigh amú agus conas a chuaigh sé i bhfeidhm ar an eispéireas trialach.
  • Uainiú na faidhbe: an t-am a tharla an fhadhb agus fad beacht na faidhbe, rud a d’fhéadfadh cabhrú le logaí córais agus tuarascálacha iarrthóirí eile a chomhghaolú.
  • Gníomhaíochtaí a rinneadh: mionchuntas ar aon chéimeanna nó gníomhartha fabhtcheartaithe a rinne an t-iarrthóir chun an fhadhb a réiteach sular lorg sé cúnamh. 
     Aon fhabhtcheartú a rinneadh leis an soláthraí trialach, an cainéal a úsáideadh le haghaidh cumarsáide san áireamh.
  • Teachtaireachtaí earráide: aon teachtaireacht earráide nó cód earráide sonrach a taispeánadh nuair a tharla an fhadhb.
  • Sonraí timpeallachta: eolas faoin ngléas, córas oibriúcháin, brabhsálaí, leaganacha, cumraíochtaí, agus nasc idirlín a úsáideadh le linn an imeachta.
  • Seatanna scáileáin nó Taifeadtaí scáileáin: fianaise amhairc, amhail seatanna scáileáin nó taifeadtaí scáileáin, den fhadhb mar a tharla sí, más féidir.
  • Tionchar ar an tástáil: míniú ar an tionchar a bhí ag an bhfadhb ar chumas an iarrthóra an triail nó codanna sonracha di a chur i gcrích.


I roinnt cásanna, d’fhéadfadh EPSO iarraidh ar an iarrthóir comhaid theicniúla bhreise a chur ar fáil, mar shampla seatanna scáileáin de chumraíocht an ríomhaire nó de leagan an fheidhmchláir, chun a fhíorú gur leanadh na treoracha go léir a cuireadh ar fáil.


4.5. Dúshláin neamhtheicniúla

Agus athbhreithniú á dhéanamh ar ghearáin a eascraíonn as dúshláin neamhtheicniúla, tá sé riachtanach a shonrú cad chuige nach measfaí fadhbanna áirithe a bheith ina gcúis bhailí le gearán:

Suaitheadh timpeallachta
Cé go bhféadfaidh torann nó aon chur isteach eile i dtimpeallacht tástála an iarrthóra difear a dhéanamh don aird, tá sé tábhachtach a aithint nach bhfuil smacht ag riarthóirí na trialach (EPSO agus a sholáthraithe trialacha) ar aon chur isteach den sórt sin. Tosca seachtracha, amhail torann tógála nó suaitheadh tí, tá siad lasmuigh den timpeallacht tástála agus ní fhéadfar iad a chur i leith an phróisis scrúdúcháin chianda féin. Mar sin féin, d’fhéadfaí teagmhais amhail éaradh leictreachais gan choinne nó aslonnú éigeandála a mheas mar force majeure (féach rannán 5. ‘Beartas maidir le force majeure).

Míchompord fisiceach
Iarrthóirí atá ar a míchompord go fisiceach le linn tréimhsí fada scrúdaithe, d’fhéadfadh sé gur dheacair dóibh aird a choinneáil. Mar sin féin, níl baint ag míchompord a eascraíonn as saincheisteanna eirgeanamaíochta nó tinnis fhisiceacha a bhí ann cheana leis an socrú trialach cianda. Moltar d’iarrthóirí a gcompord agus a bhfolláine a chinntiú roimh an scrúdú agus lena linn chun na dúshláin sin a mhaolú.

Dúshláin bainistithe ama
Chun scrúdú cianda a dhéanamh caithfidh iarrthóirí a gcuid ama a bhainistiú go héifeachtach, scil atá riachtanach le haghaidh saothair ghairmiúla. Cé go bhféadfadh fadhbanna maidir le poncúlacht nó cur isteach gan choinne a bheith ann, bítear ag súil go ndéanfaidh iarrthóirí iad féin a oiriúnú agus straitéis a bheartú dá réir. D’fhéadfadh sé nach measfaí gearáin a bhaineann le dúshláin bainistithe ama a bheith bailí más as tosca nach mbaineann leis an bpróiseas scrúdúcháin féin a eascraíonn siad, amhail seachráin phearsanta nó coinbhleachtaí sceidealaithe.

Fadhbanna maidir le feitheoireacht
D’fhéadfadh míshástacht teacht chun cinn uaireanta le modhanna feitheoireachta cianda, próiseas na seiceála timpeallachta, léiriú ar iompar amhrasach nó claonadh braite i gcleachtais feitheoireachta. Ní bheadh an méid sin ina bhforais bhailí le gearáin a dhéanamh mura mbeadh tionchar suntasach acu ar shláine ná ar chothroime an scrúdaithe.


4.6. Sáruithe ar rialacha scrúduithe

Tá sé fíorthábhachtach tacú le sláine an phróisis scrúdúcháin, agus d’fhéadfadh gníomhaíochtaí araíonachta a chur ar dhaoine a mheastar a bheith ag sárú rialacha tástála (e.g. iompar míchuí/neamh-mheasúil, caimiléireacht le linn na dtrialacha, trialacha ar líne a thaifeadadh nó iarracht a dhéanamh riar cothrom na dtrialacha a chúbláil, nó cur isteach ar shláine phróiseas an chomórtais ar bhealach ar bith eile) agus d’fhéadfaidís a bheith thíos leis na hiarmhairtí, amhail eisiamh ó chomórtas nó ó phróiseas roghnúcháin ar leith; nó toirmeasc ar pháirt a ghlacadh i gcomórtais oscailte nó i bpróisis roghnúcháin go ceann tréimhse ainmnithe. Forchoimeádann EPSO an ceart an scrúdú ar ghearáin theicniúla agus gearáin a bhaineann go sonrach le mír a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil tásca réasúnta ann gur sháraigh an t-iarrthóir a rinne an gearán rialacha na trialach. I gcásanna ina n-eisiafar iarrthóir ó chomórtas toisc gur sháraigh sé na rialacha, diúltófar do na gearáin a chuir sé isteach gan iad a scrúdú a thuilleadh.


4.7. Gan treoracha scrúduithe a leanúint

Gearáin a bhíonn ann i ngeall nár lean an t-iarrthóir na treoracha nó na treoirlínte le haghaidh trialach, ní chuirfear san áireamh iad. Tá sé tábhachtach go gcloífidh na hiarrthóirí leis na treoracha uile a chuirtear ar fáil roimh na trialacha agus lena linn chun an riosca fadhbanna teicniúla a íoslaghdú agus chun a chinntiú go mbeidh eispéireas socair ag na hiarrthóirí sna scrúduithe.