
Difear a dhéanamh don Eoraip

Bí ag obair linn chun todhchaí an Aontais Eorpaigh a thógáil. Cuideoidh tú linn saol tuairim agus 450 milliún duine a shaibhriú agus cur le folláine phobal iomlán an Aontais.
Beidh ról gníomhach agat maidir le comhionannas a chur chun cinn, forbairt shóisialta agus eacnamaíoch a chothú, tomhaltóirí a chosaint, tacú le taighde eolaíoch agus todhchaí dhigiteach an Aontais a cheapadh.
Beidh tú páirteach in athrú dearfach ar go leor bealaí éagsúla agus cuideoidh tú le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, idir éigeandálaí sláinte agus comhshaoil agus geilleagar an Aontais a dhéanamh níos inbhuanaithe tríd an Comhaontú Glas a chur chun feidhme.
Léigh an treoirleabhar seo (atá ar fáil i 24 theanga) chun tuilleadh eolais a fháil faoin Aontas Eorpach agus faoin méid a dhéanann sé.