Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Preslav M, Cúntóir Airgeadais

Táim ag obair i bParlaimint na hEorpa le cúig bliana anuas. San Aonad ina bhfuilim, cuirimid comhairle agus tacaíocht ar fáil d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (FPEnna) maidir le bainistiú a dhéanamh ar chonarthaí a gcúntóirí áitiúla agus a soláthraithe seirbhíse áitiúla. Ciallaíonn ‘áitiúil’ sa chomhthéacs sin go bhfuil na hoibríochtaí ag tarlú sna tíortha inar toghadh na Feisirí. 

Is é an ról atá agam a chinntiú go ndéantar iarrataí na bhFeisirí a láimhseáil go gairmiúil agus go ndéantar íocaíochtaí lena mbaill foirne agus lena soláthraithe seirbhíse in am. Cuid thábhachtach de mo phost is ea dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart sin a fhíorú agus a ráthú trí chinnte a dhéanamh de go gcloítear leis na rialacha iomchuí. 

An éagsúlacht cásanna agus ceisteanna a bhíonn os mo chomhair gach lá, agus teagmháil dhíreach a bheith agam le FPEnna agus lena gcúntóirí, is í sin an ghné is dúshlánaí ach is spéisiúla de mo phost dar liom. Ina theannta sin, is mór an luach saothair é go gcuireann mo chuid oibre le bainistiú fónta agus trédhearcach mhaoiniú agus bhuiséad na Parlaiminte.