Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
MInna EPDO director

Minna Vuorio

Ó mhí na Bealtaine 2020 i leith, is í Minna Vuorio Stiúrthóir na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne (EPSO) agus Príomhoide na Scoile Riaracháin Eorpaí (EUSA). Is í atá freagrach as dea-fheidhmiú na hOifige agus na Scoile faoi údarás Bhord Bainistíochta EPSO/EUSA.

EPSO a athrú ó bhonn agus a nuachóiriú, sin cuid lárnach de théarma 5 bliana Minna Vuorio. Tá sé d’aidhm ag institiúidí an Aontais Eorpaigh gairmithe ardcháilithe, ilteangacha agus soghluaiste ar bhonn geografach a mhealladh. Is é príomhchúram Minna maoirseacht a dhéanamh ar chruthú mhúnla roghnúcháin a chomhlíonfaidh riachtanas na n-institiúidí comhdhéanamh níos cothroime agus níos solúbtha a bheith ann i ndáil le lucht saothair an Aontais Eorpaigh, rud a léireoidh éagsúlacht shochaí na hEorpa dá bhfónann sí.

Cuireadh tús le gairmréim Minna in institiúidí an Aontais go gairid tar éis dá tír dhúchais, an Fhionlainn, teacht isteach san Aontas Eorpach an 1 Eanáir 1995. D’oibrigh sí ar feadh cúig bliana is fiche in Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh, áit inar thosaigh sí ag obair mar aistritheoir agus mar athbhreithneoir. In 2007 rinneadh anailísí foinse oscailte í den Lárionad Staide Comhpháirteach, rud a thuairiscigh do Javier Solana, Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus Ardionadaí an Aontais don Bheartas Eachtrach. In 2010 d’fhill Minna ar Aonad na Fionlainnise mar Cheann an Aonaid agus d’imigh sí ar aghaidh ar feadh sé mhí in 2016 mar Cheann an Aonaid um Acmhainní agus Tacaíocht Aistriúcháin. Amhail ó mhí Iúil 2016, ceapadh í ina Stiúrthóir ar Sheirbhís Aistriúcháin LING1 na Comhairle, ina raibh aonad oibríochtúil amháin, 12 Aonad teanga, agus thart ar 450 ball foirne san áireamh.

Tá triúr mac ag Minna agus tá dúil mhór aici i gcúrsaí éagsúlachta, san ilteangachas agus i gcur chuige comhoibríoch chun oibre.