Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Foláirimh faoi chamscéimeanna

Cuireadh ar ár súile dúinn go bhfuil camscéimeanna difriúla ag dul thart a bhaineann leis an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO):

Eolas bréagach maidir le comórtais atá ar siúl a bheith curtha ar ceal agus tairiscintí calaoiseacha poist ina dtugtar le fios go bréagach gurb í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) a d’eisigh iad.

Iarraimid ort a bheith faichilleach faoi ríomhphoist, glaonna gutháin, téacsteachtaireachtaí agus teachtaireachtaí a gheobhaidh tú gan choinne á iarraidh ort eolas pearsanta a thabhairt nó airgead a íoc.

Ní ceart duit, in aon chor, do shonraí pearsanta a thabhairt, ná beart ar bith a dhéanamh ná íocaíocht a dhéanamh mar gheall ar chumarsáid chalaoiseach dá leithéid.

Ní iarrann an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) aon táille choíche.

Foilsítear gach ceann dár bpróisis roghnúcháin ar ár suíomh gréasáin

Meabhraímid d’iarrthóirí freisin, aon athrú ar sceideal comórtais, fógrófar é ar shuíomh gréasáin EPSO agus deimhneofar é i gcuntas EPSO na n-iarrthóirí, agus ansin AMHÁIN.

Má tá amhras ar bith ort faoi seo nó más eol duit mí-úsáid a bheith á baint as ainm na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne (EPSO), iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn láithreach.