Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Foireann bhuan

Roghnaíonn institiúidí an Aontais baill foirne bhuana trí chomórtais oscailte a fhógraítear ar ár suíomh gréasáin.

Bíonn fógra comórtais ag gabháil le gach comórtas oscailte ina mbíonn an t-eolas ar fad maidir leis an bpróifíl poist atá á lorg, na dualgais, na critéir incháilitheachta agus an próiseas roghnúcháin.

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór do gach iarratasóir cuntas EPSO a chruthú, arb é an phríomhuirlis chun fógraí a fháil agus cumarsáid a dhéanamh le linn an phróisis roghnúcháin.

Ceaptar bord roghnúcháin le haghaidh gach comórtais agus is é a dhéanann meastóireacht ar iarrthóirí le linn an phróisis.

Tá dhá chineál comórtais ann, mar atá comórtais ghinearálta agus comórtais speisialtóirí, agus fógraítear iad i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

Is féidir le céimithe ó gach réimse páirt a ghlacadh i gcomórtais ghinearálta agus níl aon taithí oibre de dhíth. Is féidir go n-earcófar iarrthóirí a n-éireoidh leo mar riarthóirí ag grád AD 5.

Baineann comórtais speisialtóirí le réimsí ar leith agus is iondúil go mbíonn taithí oibre ag teastáil i bhformhór na bpróifílí. Tá siad oscailte do chéimithe agus do dhaoine gan chéim, araon. Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo, is féidir go n-earcófar iad mar riarthóirí ag tosú ag grád AD 6 nó mar chúntóirí ag tosú ag grád AST 3 nó níos airde.

roinnt céimeanna i gceist le próiseas roghnúcháin, agus baineann trialacha agus modhanna eile tástála le gach ceann acu chun na croí-inniúlachtaí agus na scileanna gairmiúla a mheas:

Comórtais ghinearálta

  • Trialacha scileanna réasúnaíochta (réasúnaíocht bhriathartha, uimhriúil, agus theibí)
  • Triail eolais faoin Aontas Eorpach
  • Triail scileanna digiteacha
  • Triail scríofa

Comórtais speisialtóirí

  • Trialacha scileanna réasúnaíochta (réasúnaíocht bhriathartha, uimhriúil, agus theibí)
  • Triail réimse-shonrach
  • Triail scríofa
     

Is ar líne amháin a dhéanfar na trialacha go léir, is trialacha a ndéanfar feitheoireacht chianda a bheidh iontu, agus déanfar iad ar aon lá amháin. Tá tuilleadh eolais faoi thrialacha EPSO le fáil ar an leathanach tiomnaithe.

Tá an próiseas roghnúcháin ceaptha chun painéal d’iarrthóirí ar éirigh leo a bhunú.

Nuair a thagann riachtanais earcaíochta chun cinn, cuardaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh iarrthóirí oiriúnacha ar an bpainéal agus tugann siad cuireadh chun agallaimh poist do na daoine is fearr a oireann don fholúntas.

Ag brath ar an gcomórtas, is féidir go mairfidh próiseas roghnúcháin do bhaill foirne bhuana an Aontais go ceann cúpla mí nó suas le roinnt míonna.

Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis na trialacha EPSO, ‘Trialacha EPSO: míthuiscintí agus fírinne’ ina measc, i rannán na gCeisteanna Coitianta.