
Treoracha maidir le trialacha EPSO ar líne

Tá cóip chúirtéise de na treoracha le haghaidh na seisiún trialacha ar líne le fáil ar an leathanach seo d’iarrthóirí i bpróisis roghnúcháin EPSO. Cuirtear na treoracha sin amach gach uair in éineacht leis an gcuireadh foirmiúil a fhaigheann na hiarrthóirí trína gcuntas iarrthóra oifigiúil (e.g. trí Thairseach Aonair na nIarrthóirí le haghaidh na gcomórtas uile a d’fhoilsigh EPSO ó 2025 ar aghaidh, nó trí chuntas EPSO le haghaidh na gcomórtas uile roimh 2025, agus le haghaidh CAST chomh maith).
Tabhair do d’aire go bhfoilsíonn EPSO na treoracha sin anseo ar mhaithe le tagairt dóibh a éascú. Ní féidir le EPSO athruithe beaga ar na treoracha sin a chur as an áireamh. Ar an gcúis sin, ní mór d’iarrthóirí a chinntiú i gcónaí gur do na treoracha a fhaightear trína gcuntas iarrthóra a dhéanfaidh siad tagairt. Ní féidir a mheas ach gurb iad na treoracha sin na treoracha oifigiúla.
Tabhair do d’aire gur in DE, EN agus FR amháin a chuirtear na treoracha sin ar fáil do gach iarrthóir, le haghaidh gach próisis roghnúcháin EPSO.
Treoracha le haghaidh na seisiún trialacha ar líne