Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Conas is féidir liom mo shonraí pearsanta a athrú i mo chuntas EPSO?

Question categories:

Cliceáil ar ‘Sonraí pearsanta’ ar chlé i do chuntas EPSO agus lean na treoracha chun do chuid sonraí pearsanta a chur in eagar. 

Chun do shloinne / sloinne nuair a rugadh thú / céadainm / inscne / dáta breithe / saoránacht a athrú, seol chugainn achoimre ghearr ar d’iarraidh agus cóip de dhoiciméad oifigiúil ina dtugtar údar leis an athrú (cóip de do phas, cárta aitheantais náisiúnta, cinneadh dlíthiúil etc.) trí ríomhphost chuig EPSO-PERS-DATA@ec.europa.eu. Nuair atá glactha ag EPSO le d’iarraidh, beidh an t-athrú le feiceáil i do chuntas EPSO. Tabhair do d’aire gurbh fhéidir diúltú d’aon iarraidh ar shonraí pearsanta a athrú mura gcuirtear cruthúnas ar fáil laistigh de chúig lá. 

Tabhair do d’aire go dtógfaidh sé roinnt laethanta glacadh leis an athrú seo. Ná cruthaigh iarratas eile den chineál céanna, le do thoil. Ná fan go dtí go mbeidh an t-athrú/na hathruithe bailíochtaithe ach lean ar aghaidh leis an iarratas a dhéanamh/an triail a chur in áirithe, etc. 

Tabhair do d’aire go gcuirfear do shonraí pearsanta nua bailíochtaithe san áireamh le haghaidh d’iarratais bhailíochtaithe.