Cad a tharlaíonn lá an Ionaid Measúnaithe?
Question categories:
Freastal ar an Ionad Measúnaithe ó chian:
- Moltar duit ceangal trí úsáid a bhaint as gléas cinn nó cluasáin le micreafón.
- Déan deimhin de go mbeidh tú ar fáil tráth an agallaimh agus ceangail 10 nóiméad roimh an gcoinne féin – moltar go láidir duit an bogearra a thástáil roimh lá an agallaimh.
- Bí réidh le hathrú go dtí d’fhón cliste a bhfuil ceangal sonraí móibíleacha aige (3G/4G) má tharlaíonn go gcliseann ar do cheangal wifi/cábla nó má éiríonn sé éagobhsaí le linn na trialach.
- Bíodh do chárta aitheantais/do phas in aice láimhe chun gur féidir leat é a thaispeáint nuair a iarrann an Bord Roghnúcháin ort é.
Freastal ar an Ionad Measúnaithe go fisiciúil:
- D’fhéadfadh sé go mairfeadh an tIonad Measúnaithe lá iomlán (agus suas le dhá lá in amanna ag brath ar líon agus cineálacha na dtrialacha). Tosaíonn sé de ghnáth i dtrátha 8:30 (beidh am beacht na coinne le fáil sa chuireadh) agus críochnaíonn sé i dtrátha 18:00.
- Ar theacht isteach duit gheobhaidh tú sceideal an lae.
- Beidh baill foirne de chuid EPSO ann chun fáilte a chur romhat agus tú a threorú i rith an lae.
- Nuair a thiocfaidh tú isteach ní mór duit na doiciméid a iarradh sa chuireadh a chur ar fáil.
- Ní mór teacht in am gan aon duine eile leat. Ní fhéadfaidh cairde ná gaolta fanacht san fhoirgneamh, ná dul i dteagmháil leat le linn na dtrialacha.
- Má thagann tú go déanach, ní thabharfar aon am breise duit agus d’fhéadfaí go gcuirfí as an bpróiseas roghnúcháin thú, go sonrach má chailleann tú triail iomlán.
- Beidh suas le sé iarrthóir i gceist agus roinnt measúnóirí.
- Tabharfar suaitheantas aitheantais duit chun gur fusa dul ó áit go háit san fhoirgneamh.
- Beidh an t-ábhar uile is gá chun na trialacha éagsúla a dhéanamh ar fáil san Ionad Measúnaithe, ábhar trialach, pinn agus páipéar, etc., san áireamh.
- Más gá duit ríomhaire a úsáid, d’fhéadfadh sé gur iarradh ort roimh ré an leagan amach méarchláir is fearr leat a chur in iúl.
- Beidh taisceadáin ar fáil chun bagáiste agus earraí pearsanta a stóráil.
- Ní chuirfear lón ar fáil ach tá rogha leathan caiféanna agus bialann ann in aice láimhe sa Bhruiséil. I Lucsamburg tá ceaintín agus caifitéire san fhoirgneamh ina reáchtáiltear an tIonad Measúnaithe.
- Ní bheidh áiseanna páirceála ann do na hiarrthóirí.
- Féadfaidh tú an foirgneamh a fhágáil le linn sosanna, ach ní mór duit bheith ar ais in am.