Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Cén fáth a raibh an marc a ghnóthaigh mé sa scagaire buanna níos ísle ná an marc a raibh coinne agam leis?

De réir chás-dlí ábhartha na Cúirte fiú má bhíonn tú cinnte faoi conas is ceart do chuid taithí agus/nó cáilíochtaí a chur san áireamh, tá an chinnteacht phearsanta sin suibiachtúil agus ní féidir glacadh léi in áit mheasúnú an Bhoird Roghnúcháin. Ní hionann an chinnteacht sin agus fianaise dhoshéanta go ndearna an Bord earráid fhollasach.

Is fútsa atá sé an t-eolas riachtanach ar fad a sholáthar don Bhord Roghnúcháin (i.e. dóthain sonraí a thabhairt agus gach ceist a fhreagairt), chun go bhféadfar measúnú a dhéanamh ort leis an scagaire buanna (talent screener).

Is féidir cúiseanna éagsúla a bheith le cinneadh an Bhoird Roghnúcháin tú a chur as an áireamh ar bhonn na gcritéar meastóireachta réamhshocraithe:

  • Níl do dhioplóma agus/nó na hábhair a ndearna tú staidéar orthu ag teacht a oiread is gá leis na critéir réamhshocraithe.
  • Ní leor an bhaint idir do thaithí oibre agus réimse an chomórtais.
  • Na dualgais a bhí ort nó na freagrachtaí a bhí ort i do phost (e.g. méid an bhuiséid a bhí le láimhseáil nó an líon fostaithe a bhí á mbainistiú), níl siad ag teacht leis na critéir réamhshocraithe, sin nó ní raibh an cuntas a tugadh orthu sa scagaire buanna san fhoirm iarratais mionsonraithe a dhóthain.
  • Níl an t-eolas a thug tú faoi fhad do thaithí oibre mionsonraithe a dhóthain (e.g. níor tugadh an dáta tosaigh agus an dáta deiridh). 
  • Níl do thaithí sa réimse i gceist fada a dóthain, sin nó is i ndiaidh bhaint amach an dioplóma is gá chun cur isteach ar an gcomórtas a fuarthas í.
  • Thug tú freagra diúltach ar cheist(eanna) agus dá thoradh sin is é 0 an marc a tugadh duit.
  • Mar fhreagra ar cheist, luaigh tú an freagra a thug tú ar cheist eile (ní thugtar marcanna don fhreagra céanna ach aon uair amháin mar nach féidir an t-eolas céanna a chur san áireamh níos mó ná uair amháin).
  • Mar fhreagra ar cheist sa scagaire buanna, luaigh tú freagra a thug tú ar cheist i gcuid eile den fhoirm iarratais, nach gcuirtear san áireamh sa scagadh.
  • Níor thug tú freagra ar gach ceist sa scagaire buanna.