Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Conas is féidir liom ullmhú don Ionad Measúnaithe?

  • Na cásanna a mbeidh tú ag obair orthu, is cásanna ficseanúla ach réalaíocha iad, ionann is fíor ón ionad oibre.
  • Beidh ort cur amach a bheith agat ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh agus ar institiúidí an Aontais, sa chaoi gur féidir leat comhthéacs an cháis a thuiscint go héasca.
  • Cuir do charachtar féin i láthair agus déan iarracht sult a bhaint as an eispéireas a oiread agus is féidir.
  • Coinnigh aire ar do sprioc agus déan do spreagadh féin.
  • Glac páirt ghníomhach sna trialacha idirghníomhacha.
  • Léigh nó éist leis na treoracha uile go haireach, teorainneacha ama san áireamh.
  • Ná tabhair freagra go dtí go mbeidh tú cinnte go dtuigeann tú na ceisteanna mar is ceart.