Cad é tréimhse bhailíochta an phainéil?
Question categories:
Is go ceann bliana (trí bliana i gcás painéil speisialtóirí) a bhíonn painéal bailí, de ghnáth. Is féidir le EPSO síneadh a chur le tréimhse bhailíochta an phainéil más gá, chun riar do riachtanais na n-institiúidí. Is iondúil go ndéantar cinneadh ina thaobh sin tamall gearr roimh dhul in éag don phainéal agus foilsítear an cinneadh sin ar shuíomh gréasáin EU Careers.
An uair a chuirtear in iúl do na hiarrthóirí ar éirigh leo go bhfuil a n-ainm ar an bpainéal, sin í an uair a thosaíonn tréimhse bhailíochta an phainéil. Foilsítear tús na tréimhse bhailíochta ar leathanach na bpainéal.
Má bhíonn aon mhoill ar fhoilsiú an phainéil ar leathanach na bpainéal, ní dhéanann sin aon difear don phróiseas earcaíochta.