Cén fáth nach féidir liom mo chuid doiciméad tacaíochta a uaslódáil?
Question categories:
Is féidir leat doiciméid tacaíochta a uaslódáil a bhaineann le ceann de na ceithre chatagóir seo a leanas, agus na catagóirí sin amháin:
- Cárta aitheantais / pas,
- oideachas agus oiliúint,
- taithí oibre,
- doiciméid eile.
Is féidir leat suas le 20 comhad i gcatagóirí 1, 2 agus 4 a uaslódáil agus suas le 50 comhad i gcatagóir 3.
Níor cheart níos mó ná méid 2MB a bheith sna comhaid (in aghaidh an chomhaid), agus ní mór iad a bheith i bhformáid PDF nó JPG. Ní thacaítear le formáidí comhaid eile.
Smaoinigh ar do dhoiciméad a athainmniú i gcás teachtaireacht earráide: ná húsáid ach aon phonc amháin (.) roimh an iarmhír chomhadainm (pdf, jpg) agus seachain carachtair speisialta (_-/ etc.) agus spásanna bána in ainm an chomhaid.