Triail scríofa
Is é is aidhm don triail scríofa seo measúnú a dhéanamh ar na hinniúlachtaí seo a leanas: scileanna cumarsáide scríofa. Ní dhéanfar measúnú ar an eolas atá agat ar an réimse ná ar an eolas atá agat ar ábhar na trialach seo; ní gá taighde breise a dhéanamh, dá bhrí sin. Tá cead agat barúlacha loighciúla a dhéanamh i gcás ina bhfuil eolas ar iarraidh nó neamhiomlán.
Chun ullmhú don triail, beidh ort brath ar an doiciméad foinseach atá ar fáil thíos. Tabhair do d’aire nach cuid den ábhar ullmhúcháin iad aon hipearnasc a d’fhéadfadh a bheith sa doiciméad. Na ‘hIarscríbhinní’, chomh maith le ‘Freagraí an Choimisiúin’, ‘Amlíne’, ‘Foireann iniúchóireachta’, agus ‘Cóipcheart’, níl siad sin mar chuid den tástáil scríofa seo agus ba cheart neamhaird a dhéanamh díobh.
Lá na trialach, tabharfar tasc sonrach duit a mbeidh baint aige leis an doiciméad foinseach. Beidh rochtain agat ar an doiciméad foinseach le linn na trialach chomh maith.