
An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Nocht do chuid tuairimí
Tríd an ardán digiteach ilteangach nua tá níos mó tionchair – den chéad uair riamh ar leibhéal an Aontais – ag daoine as gach cearn den Eoraip ar an rud a bhfuil siad ag tnúth leis ón Aontas Eorpach, agus is féidir leo trácht a dhéanamh ar smaointe daoine eile.
Is féidir leat an méid seo a leanas a dhéanamh ar an ardán:
- Do chuid smaointe féin a chomhroinnt, tacú le smaointe daoine eile nó nóta tráchta a fhágáil fúthu, i do rogha teanga.
- Rochtain a fháil ar léarscáil de na himeachtaí agus clárú le páirt a ghlacadh iontu.
- Eolas faoi do chuid imeachtaí féin a uaslódáil.
Na hábhair a chlúdaítear:
- An t-athrú aeráide agus an comhshaol
- Sláinte
- Geilleagar níos láidre, ceartas sóisialta agus poist
- An tAontas Eorpach sa domhan mór
- Luachanna agus cearta, an smacht reachta, slándáil
- An claochlú digiteach
- An daonlathas Eorpach
- Imirce
- Oideachas, cultúr, an óige agus spórt
- Smaointe eile
Tabhair cuairt ar an ardán agus nocht do chuid tuairimí --> https://futureu.europa.eu/