Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Comórtas le haghaidh riarthóirí i réimse an iompair arna athoscailt

Tá na trialacha roghnúcháin ar fáil anois i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais

An bhfuil taithí i réimse an iompair agat? Ar mhaith leat tús a chur le gairmréim idirnáisiúnta laistigh d’fhoireann ilchultúrtha ilchineálach? Dá mba mhaith, tá deis eile agat cur isteach ar an gcomórtas le haghaidh riarthóirí i réimse an iompair.

Ó 2024 ar aghaidh, tá EPSO chun cur lena thiomantas don ilteangachas trí chóras iomlán 24 theanga a chur i bhfeidhm sna comórtais oscailte. Is é is aidhm don athrú seo go bhféadfaidh na hiarrthóirí aon dá cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais a roghnú le haghaidh na dtrialacha. Mar chuid den athrú sin, déanfar coigeartuithe ar an bpunann trialacha a bhaineann leis an gcomórtas seo freisin, mar shampla, cuirfear triail scríofa a dhíríonn ar scileanna cumarsáide scríofa in ionad an chás-staidéir.

Tá an comórtas á athoscailt chun na coigeartuithe sin a chur san áireamh. Baineann sé sin leis na hiarrthóirí atá ann faoi láthair agus le hiarrthóirí nua ar spéis leo iarratas a dhéanamh. 

  • Iarrthóirí a chuir isteach iarratas cheana féin, ní mór dóibh a n-iarratas a athbhreithniú agus a bhailíochtú an athuair chun leanúint orthu ag glacadh páirte sa chomórtas seo. Beidh an deis acu athmhachnamh a dhéanamh ar a gcuid roghanna teanga le haghaidh na dtrialacha agus eolas nua a chur lena n-iarratas, de réir mar is ábhartha. Tabharfar tuilleadh eolais do na hiarrthóirí sin ar bhonn aonair trína gcuntas EPSO.

Chun eolas a fháil faoi leasuithe beachta ar an bhfógra comórtais tosaigh EPSO/AD/410/23, féach an fógra lena leasaítear an fógra comórtais oscailte – EPSO/AD/410/23.

Tar éis dóibh an comórtas a chur i gcrích go rathúil, is sa Choimisiún Eorpach a bheidh na hoifigigh (grád AD 7) a earcófar ag obair den chuid is mó, in Ard-Stiúrthóireacht na Soghluaisteachta agus an Iompair (AS MOVE) go príomha. Is mian le hinstitiúidí eile den Aontas iarrthóirí a n-éireoidh leo a earcú ó phainéal an chomórtais seo, go háirithe Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Nuair a chuirfear na hiarrthóirí a n-éireoidh leo ar phainéal, féadfaidh seirbhísí earcaíochta chomhlachtaí agus institiúidí an Aontais Eorpaigh ar spéis leo a bpróifíl dul i dteagmháil leo chun agallaimh earcaíochta spriocdhírithe a dhéanamh. Na hagallaimh sin agus aon phróiseas gaolmhar eile, tá siad lasmuigh den phróiseas roghnúcháin a dhéanann EPSO. Is iad na seirbhísí earcaíochta ábhartha a dhéanann agallaimh earcaíochta, i mBéarla agus/nó i bhFraincis de ghnáth. Féadfar teangacha eile a úsáid le linn na n-agallamh freisin, bunaithe ar riachtanais na seirbhísí earcaíochta agus ar an eolas a chuir na hiarrthóirí in iúl ina n-iarratas.

Ar na príomhchúraimí a bheidh ort i do cháil mar riarthóir i réimse an iompair, beidh beartais agus reachtaíocht iompair nua a fhorbairt, mar aon le cur i bhfeidhm, monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar bheartais agus ar reachtaíocht atá ann cheana. Ina theannta sin, cuimseoidh an ról a bheidh agat comhordú, caibidlíocht agus ionadaíocht, ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin, i réimse an iompair.

Thairis sin, déanfaidh tú anailísí polaitiúla/beartais, dlíthiúla nó eolaíocha. Mar chuid de sin, tá idirchaidreamh a dhéanamh le saineolaithe/coistí, agus bearta ábhartha beartais, dlíthiúla agus/nó oibríochtúla a dhéanamh den anailís eolaíoch agus theicniúil. Ina theannta sin, beidh tú freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar ghnéithe buiséadacha agus airgeadais, chomh maith le tionscadail sa réimse a bhainistiú.

Don duine atá fostaithe acu, cuireann institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh pobal saineolais ar fáil maille le cuid mhór deiseanna ar a fhorbairt phearsanta agus a fhorbairt ghairmiúil a leathnú. Na foirne ilchultúrtha idirnáisiúnta ilchineálacha a bhíonn ag obair in institiúidí an Aontais, bíonn siad ag obair ar son tuairim agus 450 milliún saoránach den Aontas agus tuilleadh nach iad.

Bunphrionsabail de chuid an Aontais Eorpaigh is ea iad an meas ar an éagsúlacht chultúrtha agus cur chun cinn comhdheiseanna, agus déanann an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) a dícheall a chinntiú go mbíonn comhdheiseanna ag na hiarrthóirí uile agus go mbíonn an rochtain chéanna acu ar a cuid seirbhísí. Tá tuilleadh eolais ar an leathanach tiomnaithe faoinár mbeartas comhdheiseanna agus faoin dóigh ar féidir socruithe sonracha a iarraidh i dtaca leis na trialacha roghnúcháin.

An bhfuil an mianach ceart ionat?

  • Ní ghlacfar le hiarratais ach ó shaoránaigh den Aontas Eorpach a bhfuil cearta iomlána acu mar shaoránaigh den Aontas.
     
  • Ní mór eolas cuimsitheach a bheith agat ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais agus eolas sásúil a bheith agat ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais.
     
  • Ní mór an méid seo a leanas a bheith agat chomh maith:
    • céim ollscoile 3 bliana ar a laghad sa dlí, san eacnamaíocht, san innealtóireacht, san iompar, sa lóistíocht, nó san eolaíocht pholaitiúil, agus 7 mbliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina diaidh sin.

      sin nó
       
    • céim ollscoile 4 bliana ar a laghad sa dlí, san eacnamaíocht, san innealtóireacht, san iompar, sa lóistíocht, nó san eolaíocht pholaitiúil, agus 6 bliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina diaidh sin.

      sin nó
       
    • céim ollscoile 3 bliana ar a laghad i réimse seachas na réimsí atá liostaithe thuas, agus 9 mbliana ar a laghad de thaithí oibre ábhartha a fuarthas ina dhiaidh sin.

Tá eolas mionsonraithe faoi na riachtanais le fáil san fhógra comórtais agus san fhógra leasaitheach a ghabhann leis ar an leathanach iarratais thíos.

Is féidir iarratas a dhéanamh ón 1 Márta 2024 go dtí an 9 Aibreán 2024 ar 12:00 (meán lae), am na Bruiséile.