
Cúntóirí i réimse na cumarsáide

An bhfuil taithí i réimse na cumarsáide agat? Ar mhaith leat tús a chur le gairmréim idirnáisiúnta mar chuid d’fhoireann ilchultúrtha ilchineálach? Dá mba mhaith, léigh leat.
Tá cúntóirí (AST 3) á lorg ag institiúidí an Aontais sna réimsí seo a leanas: dearadh grafach agus táirgeadh ábhair amhairc, na meáin shóisialta agus an chumarsáid dhigiteach, agus stiúrthóirí gréasáin.
Is ag brath ar an réimse atá roghnaithe agat a bheidh na príomhchúraimí a bheidh ort. Tabhair do d’aire nach ceadmhach iarratas a dhéanamh ach ar aon cheann amháin de na réimsí seo a leanas:
- Réimse 1 – Dearadh grafach agus táirgeadh ábhair amhairc Ar na príomhchúraimí a bheidh ort, beidh: dearadh grafach táirgí cumarsáide ar ardchaighdeán a chinntiú tríd na cainéil chló agus dhigiteacha, na meáin agus teangacha; sonraí a iompú ina n-íomhánna soiléire beachta; na treoirlínte institiúideacha maidir le sainaitheantas físeach agus le cumarsáid a chur i bhfeidhm; cuidiú le cur chur chun feidhme straitéisí cumarsáide institiúidí an Aontais Eorpaigh; úsáid a bhaint as Adobe Creative Cloud, go háirithe Illustrator, Photoshop, InDesign agus After Effects.
- Réimse 2 – Na meáin shóisialta agus an chumarsáid dhigiteach Ar na príomhchúraimí a bheidh ort, beidh: ábhar fuaime agus físe sna meáin shóisialta a phleanáil agus a léiriú atá saincheaptha do spriocphobail; feachtais orgánacha agus íoctha ar na meán sóisialta a chur ar bun, faireachán a dhéanamh orthu agus iad a thomhas; comhoibriú le foirne inmheánacha eagarthóireachta, meán sóisialta agus faisnéise sonraí; faireachán agus bainistiú a dhéanamh ar phobail agus ar chomhráite ar líne; úsáid a bhaint as uirlisí meán sóisialta amhail Emplifi, Talkwalker, agus ardáin eile chun faireachán agus anailís a dhéanamh ar fheidhmíocht.
- Réimse 3 – Stiúrthóir Gréasáin: Ar na príomhchúraimí a bheidh ort, beidh: suíomhanna gréasáin agus inlíonta na hinstitiúide a chruthú, a bhainistiú, a nuashonrú agus faireachán a dhéanamh orthu; ábhar gréasáin ilteangach agus inrochtana a chruthú; a chinntiú go gcloíonn ábhar, struchtúr agus nascleanúint le teicneolaíochtaí gréasáin atá ar chaighdeán an tionscail (i.e. HTML, CSS, agus JavaScript); ardáin seolta ríomhphost agus córais bainistíochta inneachair a bhainistiú; riachtanais ghnó a thiontú ina gceanglais theicniúla le haghaidh forbróirí; faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí teicneolaíochta sa réimse lena mbaineann.
Tá eolas mionsonraithe faoi dhualgais shonracha an phoist le fáil san fhógra comórtais (féach Iarscríbhinn II – Príomhdhualgais).
Tá eolas mionsonraithe faoi na riachtanais le fáil san fhógra comórtais ar an leathanach iarratais thíos.
Is féidir iarratas a dhéanamh ón 25 Meitheamh 2025 agus is é an 29 Iúil 2025 ar 12.00 (meán lae), am na Bruiséile, an sprioc-am do na hiarratais.