Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Tréimhsí oiliúna

Áit(eanna): 
An Bhruiséil (an Bheilg)

Institiúid/Gníomhaireacht

Tá an Bord Réitigh Aonair (BRA) ina chuid de Thréimhse Oiliúna Bluebook an Choimisiúin Eorpaigh agus tá sé ar oscailt do chéimithe ollscoile ó gach cearn den domhan. Cuirtear na cúraimí céanna ar oiliúnaithe agus a chuirtear ar chéimithe nua-earcaithe. D'fhéadfadh cúraimí éagsúla a bheith i gceist leis sin: meithleacha agus cruinnithe a eagrú, eolas agus doiciméid a thiomsú, tuarascálacha a ullmhú agus ceisteanna a fhreagairt, agus páirt a ghlacadh i gcruinnithe aonaid agus in imeachtaí eile.

Cé ar féidir leis iarratas a dhéanamh? Is féidir le céimithe i gceann de na disciplíní seo a leanas iarratas a dhéanamh ar an gcoinníoll go bhfuil an chéim bainte amach acu cheana féin: Réiteach, Baincéireacht, Airgeadas, Eacnamaíocht, Beartas, Acmhainní Daonna, Cumarsáid, TFC agus Dlí. Níl saoránacht an Aontais éigeantach (cuirtear líon beag áiteanna i leataobh do dhaoine nach saoránaigh den Aontas iad), ach tá eolas ar dhá cheann de theangacha oifigiúla an Aontais ag teastáil. Is buntáistí iad taithí oibre agus oideachas iarchéime, ach ní critéir incháilitheachta iad.

Fad tréimhse: 5 mhí

An tréimhse oiliúna le pá í? Is ea. €1,220.78 agus liúntas taistil – Eagraítear an Tréimhse Oiliúna Bluebook faoi dhó sa bhliain.

Dátaí tosaigh: 1 Márta agus 1 Deireadh Fómhair.