Cúrsaí oiliúna
Áit(eanna):
An Háig (an Ísiltír)
Institiúid/Gníomhaireacht
Bíonn thart ar 14 cinn de dheiseanna oiliúna ann in aghaidh na bliana sna réimsí éagsúla dlí agus riaracháin atá ábhartha don Ghníomhaireacht, amhail: cás-obair, rúnaíocht líonra GEN/JITanna/EJN, bainistiú sonraí, cumarsáid, gnóthaí corparáideacha, cúrsaí airgeadais, acmhainní daonna, eagrú imeachtaí, TF agus dlí riaracháin.
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh? Céimithe ollscoile ar náisiúnaigh iad de Bhallstát nó de thíortha is iarrthóirí. Ba cheart eolas maith a bheith ag iarrthóirí ar an mBéarla (leibhéal B2 ar a laghad) mar is é sin teanga oibre Eurojust.
Fad ama: 5 mhí
An tréimhse oiliúna le pá í? Is ea, thart ar €1200 in aghaidh na míosa
Dátaí tosaigh: Mí an Mhárta agus mí Dheireadh Fómhair
Tuilleadh eolais