Tréimhsí oiliúna – An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA)
Tugann Clár Oiliúna EFSA deis ar leith duit páirt a ghlacadh i bhfoireann gairmithe ó gach cearn den domhan atá ag obair le chéile i dtimpeallacht idirnáisiúnta ilchultúrtha maidir le tionscadail Eolaíochta, Bia Sábháilte agus Inbhuanaitheachta atá i gcroílár ghníomhaíochtaí an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia.
Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh dhaoine óga spreagtha ó chúlraí éagsúla acadúla agus gairmiúla (eolaithe, gairmithe cumarsáide agus dlí, saineolaithe TF, etc.).
Ag EFSA cuirfear do chuid smaointe, scileanna agus eolais i gcroílár timpeallacht oibre chomhoibríoch agus beidh tú in ann tionchar a bheith agat ar an tsábháilteacht bia do na milliúin saoránach.
Critéir incháilitheachta
- Céim ollscoile 3 bliana ar a laghad a bheith bainte amach agat cheana féin faoin dáta deiridh le hiarratas a dhéanamh;
- Eolas maith ar an mBéarla (leibhéal íosta: B2 de réir CCTE);
- Gan a bheith i d’oiliúnaí EFSA riamh, ná fostaithe ag EFSA in aon cháil, agus gan aon luach saothair a fháil as;
- Na riachtanais charachtair atá riachtanach do na dualgais atá i gceist a chomhlíonadh (e.g. mionnscríbhinn chun a dheimhniú nach bhfuil aon taifead coiriúil agat).
Critéir roghnúcháin:
Eolas ar réimse a bhaineann le gníomhaíochtaí EFSA, sin nó taithí sa réimse sin.
Inniúlachtaí:
- Oibriú le daoine eile: oibriú go muiníneach i ngrúpa agus rannchuidiú le spriocanna comhchoiteanna a bhaint amach; tuiscint a bheith agat ar do ról féin agus ar an dóigh a dtacaíonn an ról sin leis an bhfoireann agus leis an eagraíocht; a bheith in ann comhoibriú, éisteacht go gníomhach, coinbhleachtaí a bhainistiú agus comhghleacaithe a spreagadh.
- Pleanáil le haghaidh torthaí agus torthaí a thomhas: spriocanna uaillmhianacha a leagan síos agus pleananna a chruthú chun iad a bhaint amach.
- Tionscadail a bhainistiú: a bheith in ann am, acmhainní agus faisnéis a bhainistiú ar bhealach éifeachtach chun torthaí an tionscadail a bhfuil coinne leo a chomhlíonadh.
- Éirim pholaitiúil agus gastacht straitéiseach a léiriú: a bheith in ann breathnú níos faide ná an staid reatha agus féidearthachtaí na todhchaí a shamhlú, a bheith in ann smaoineamh ar bhealach cruthaitheach nuálach.
- Cumarsáid a dhéanamh i mBéarla: a bheith in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh i mBéarla.
Fad tréimhse: 12 mhí
An tréimhse oiliúna le pá í? Is ea; €1,463 in aghaidh na míosa atá sa deontas.