Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Coiste Eorpach na Réigiún: Cuairteanna staidéir

An spriocdháta d'iarratais
no deadline for application
Áit(eanna): 
An Bhruiséil (an Bheilg)

Institiúid/Gníomhaireacht

Mic léinn atá ag iarraidh a dtionscadal oibre a thabhairt chun críche, nó atá fiosrach faoin dóigh a gcuireann údaráis áitiúla agus réigiúnacha le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh i réimsí amhail Saoránacht, Comhtháthú, Athrú Aeráide, Soláthar Poiblí agus Slándáil, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar chuairt staidéir ghearrthéarmach. Is deis iontach iad na cuairteanna staidéir chun sainghné gheografach bheartais an Aontais a fháil amach. Thairis sin, cuireann siad an deis ar fáil chun an t-ullmhúchán acadúil a threisiú le taithí phearsanta ar an obair a dhéanann comhlacht comhairleach de chuid an Aontais Eorpaigh.

Is tréimhsí oiliúna iad cuairteanna staidéir nach gcuireann an Coiste maoiniú ar fáil ina leith. Chun go nglacfar leo le haghaidh cuairt staidéir, ní mór d’iarratasóirí:

  • cruthúnas a sholáthar ar mhaoiniú ó chomhlacht eile, amhail ollscoil, comhlacht poiblí/príobháideach nó eagraíocht neamhrialtasach, i bhfoirm scoláireachta, deontais, etc.
  • nó cruthúnas a chur ar fáil gur cuid lárnach dá n-oideachas í an chuairt staidéir (mar shampla, má tá an chuairt staidéir ag teastáil mar chuid de thaighde tráchtais nó chun cúrsa staidéir a chríochnú).

Cé ar féidir leis iarratas a dhéanamh? Saoránaigh den Aontas Eorpaigh.

Is féidir le saoránaigh as tríú tíortha (an Ríocht Aontaithe ina measc) iarratas a dhéanamh freisin, agus féadfar iad a roghnú i gcásanna eisceachtúla, go háirithe má tá spéis ar leith ag Coiste na Réigiún san iarratasóir agus má chomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais faoin dlí náisiúnta inimirce maidir le cónaí agus oibriú go dleathach sa Bheilg.

Ní mór céim Bhaitsiléara ar a laghad a bheith ag an iarratasóir (nó leath de chéim Bhaitsiléara a bheith bainte amach aige a mheastar a bheith ábhartha d’obair an Choiste).

Iarrthóirí a bhfuil sáreolas acu ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil acu ar an bhFraincis nó ar an mBéarla.

Fad tréimhse: 1–4 mhí (is féidir an tréimhse sin a shíneadh chun tréimhse 6 mhí ar a mhéad a dhéanamh di ach na hacmhainní a bheith ar fáil chuige sin)

Dátaí tosaigh: tráth ar bith, ar chomhaontú