Tréimhsí oiliúna ar pá i gComhairle an Aontais Eorpaigh
De réir riachtanais na seirbhíse, is gnách go mbíonn obair laethúil oiliúnaí coibhéiseach le hobair na n-oifigeach sóisearach i dtús a ngairmréime ar riarthóirí iad, e.g.: cruinnithe a ullmhú agus miontuairiscí a dhréachtú, freastal ar chruinnithe de chuid chomhlachtaí ullmhúcháin Coreper agus na Comhairle, taighde a dhéanamh ar thionscadal áirithe, doiciméid a aistriú nó a thiomsú, tuarascálacha a scríobh. Iarrtar ar na hoiliúnaithe freisin páirt a ghlacadh i gclár staidéir a bhfuil cuairteanna agus comhdhálacha in institiúidí eile de chuid an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg ina gcuid de.
Cé atá incháilithe? Náisiúnaigh den Aontas Eorpach a bhfuil an chéad chuid, ar a laghad, dá staidéar ollscoile críochnaithe acu faoin sprioc-am maidir le hiarratas a dhéanamh agus a bhfuil céim nó a comhionann bainte amach acu.
Fad ama: 5 mhí
Pá? Is tréimhse oiliúna ar pá é seo. €1,220.78 in aghaidh na míosa, aisíocaíocht liúntais taistil agus cárta lacáiste bialainne ó Ardrúnaíocht na Comhairle.
Dátaí tosaigh:
- An 1 Feabhra (tréimhse iarratais i dtrátha Lúnasa/Meán Fómhair – déan seiceáil an tráth sin chun na dátaí deiridh a fháil).
- An 1 Meán Fómhair (tréimhse iarratais i dtrátha Feabhra/Márta – déan seiceáil an tráth sin chun na dátaí deiridh a fháil)