Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Baill foirne ar conradh

Is féidir a bheith ag obair leis an Aontas Eorpach ar chonradh ar théarma seasta. 

Bíonn roinnt cúraimí láimhe nó riaracháin á ndéanamh ag gníomhairí (nó baill foirne) ar conradh, agus d’fhéadfadh sé go gcuirfidís acmhainneacht bhreise ar fáil i réimsí speisialtóireachta nuair nach mbíonn líon leordhóthanach oifigeach ar fáil.

Is iondúil go n-earcaítear iad le haghaidh conarthaí ar théarma seasta (6 bliana ar a mhéad in aon institiúid de chuid an Aontais), ach i gcásanna áirithe is féidir conarthaí a thairiscint dóibh ar feadh tréimhse éiginnte (in oifigí, gníomhaireachtaí, toscaireachtaí nó ionadaíochtaí). 

Earcaítear baill foirne ar conradh ar dhá bhealach éagsúla: tríd phróiseas roghnúcháin CAST buan nó trí phróiseas roghnúcháin ad hoc

Sa chéad chineál roghnúcháin, ciallaíonn an focal CASTuirlis roghnaithe gníomhairí ar conradh’ agus ciallaíonn Buan gur roghnúchán é nach bhfuil dáta clabhsúir ná sprioc-am le haghaidh iarratas ag dul leis.

Bíonn poist CAST Buan ar fáil le haghaidh réimse leathan próifílí poist. Sa roghnúchán seo, is ar phróifíl a dhéanann na hiarrthóirí iarratas, seachas ar phost sonrach.

Is féidir le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais baill foirne ar conradh a earcú chun poist shonracha a líonadh trí fholúntais ad hoc le haghaidh baill foirne ar conradh. Sa chás sin, leagtar síos sprioc-am le haghaidh iarratas do gach folúntas. 

De réir mar a bhíonn gá le baill foirne ar conradh, d’fhéadfadh sé go bhfoilseofaí folúntais ad hoc le haghaidh réimse leathan próifílí, mar shampla stiúrthóirí gréasáin, oifigigh bheartais, teangeolaithe, comhordaitheoirí tionscadail, oifigigh slándála, bainisteoirí innealtóireachta eolaíche, tiománaithe, speisialtóirí sa chumarsáid, taighdeoirí, gan ach cuid acu a lua. 

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar na próisis iarratais maidir le CAST Buan agus folúntais ad hoc le haghaidh baill foirne ar conradh ar an leathanach Próiseas roghnúcháin.

Sna cásanna CAST Buan agus ad hoc araon, na hiarrthóirí sin ar éirigh leo conradh a fháil, earcófar iad go ceann tréimhse shocraithe. D’fhéadfaí síniú go ceann tréimhse éiginnte a chur leis na conarthaí i gcuid de chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais.

Roinntear na poist le haghaidh baill foirne ar conradh ina gceithre ghrúpa feidhme (leibhéil ghairme):

Grúpa Feidhme

Grád

Cúraimí

Grúpa Feidhme IV

13 go 18

Cúraimí riaracháin, comhairleacha, teanga agus cúraimí teicniúla coibhéiseacha a dhéanfar faoi mhaoirseacht oifigeach nó baill foirne sealadacha.

Grúpa Feidhme III

8 go 12

Cúraimí feidhmiúcháin, dréachtú, cuntasaíocht agus cúraimí teicniúla coibhéiseacha eile, a dhéanfar faoi mhaoirseacht oifigeach nó ball foirne sealadach.

Grúpa Feidhme II

4 go 7

Cúraimí cléireachais agus rúnaíochta, bainistíocht oifige agus tascanna coibhéiseacha eile, a chomhlíonfar faoi mhaoirseacht oifigeach nó ball foirne sealadach.

Grúpa Feidhme I

1 go 3

Cúraimí a dhéantar de láimh agus cúraimí seirbhíse tacaíochta riaracháin a dhéanfar faoi mhaoirseacht oifigeach nó ball foirne sealadach.

Tá tuilleadh eolais sa tábla tuarastail seo (14/12/2023 - C/2023/1544).

Faigh amach faoi na deiseanna fostaíochta atá ar fáil do bhaill foirne ar conradh.