Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Suirbhé píolótach EPSO maidir leis an Éagsúlacht – Na príomhthorthaí

Díreach in am do Mhí Éagsúlachta na hEorpa (a bhíonn ar siúl i mí Bealtaine gach bliain), tá anailís dhomhain tugtha chun críche ag EPSO ar na freagraí a fuarthas ar an suirbhé píolótach éagsúlachta a sheol sé in 2021.

Bunaithe ar níos mó ná 6,000 freagra a fuarthas agus ar fhéindearbhuithe a thug freagróirí dá ndeoin féin, is féidir leat ár mbróisiúr nua a léamh anois, bróisiúr ina gcumhdaítear na príomhthorthaí agus na príomhchonclúidí, lena n-áirítear príomhthréithe liosta iarratasóirí reatha EPSO.

Mar aon leis an mbróisiúr, tá bileog foilsithe againn ina dtugtar spléachadh ar an eolas tábhachtach ó shuirbhé píolótach EPSO ar an éagsúlacht.

Chomh maith leis sin, gheobhaidh tú tuilleadh aiseolais faoin suirbhé féin, faoi theorainneacha an tsuirbhé agus faoi na chéad chéimeanna eile atá beartaithe againn a ghlacadh chun ár bhfor-rochtain a mhéadú a thuilleadh i measc na bpobal atá faoi ghannionadaíocht. Is é is aidhm dó éagsúlacht liosta iarrthóirí EPSO a mhéadú ionas gur fearr a léireoidh sé éagsúlacht na mBallstát a bhfuilimid ag freastal orthu.

Dáta nuashonraithe
26/05/2023 - 16:00