Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Comórtais Pharlaimint na hEorpa le haghaidh Riarthóirí (AD 6) a bhfuil náisiúntacht na hOstaire nó na hÍsiltíre acu

Bheartaigh Parlaimint na hEorpa dhá chomórtas oscailte a eagrú (grád AD 6) chun painéal iarrthóirí oiriúnacha a thiomsú as a bhféadfaidh sí náisiúnaigh de Phoblacht na hOstaire agus de Ríocht na hÍsiltíre a earcú.

Is éard is príomhchuspóir don chomórtas seo a bhaineann go sonrach le náisiúntacht cur le linn na n-earcach a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, agus an éagothroime shuntasach agus an ghannionadaíocht atá ann faoi láthair ó thaobh náisiúnaigh na hOstaire agus na hÍsiltíre de a chur ina gceart.

Is próifíl riarthóra do Ard-Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa atáthar a lorg, agus is é an sprioclíon atá ann 30 iarrthóir oiriúnach a bhfuil náisiúntacht na hOstaire acu agus 90 iarrthóir oiriúnach a bhfuil náisiúntacht na hÍsiltíre acu.

Is sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg (príomháiteanna oibre na Parlaiminte) a bheidh formhór mór phoist Pharlaimint na hEorpa lonnaithe, i gcomhréir le riachtanais sheirbhísí na Parlaiminte. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an duine a earcófar taisteal idir áiteanna oibre na Parlaiminte.

Is ar ghrád AD 6, an chéad chéim, a earcófar na gairmithe, grád arb é €6,231.42 in aghaidh na míosa an buntuarastal a ghabhann leis. 

Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus cuireann sí fáilte roimh iarratais gan idirdhealú ar aon fhoras, amhail gnéas, eitneacht, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, treoshuíomh gnéasach, stádas pósta nó imthosca an teaghlaigh.

Oibríonn Riarthóirí in Ard-Rúnaíocht Pharlaimint na hEorpa i raon leathan réimsí. Bíonn cúraimí bainistíochta, pleanála agus taighde le déanamh acu, agus d’fhéadfadh roinnt gníomhaíochtaí a bheith i gceist de réir na roinne san Ard-Rúnaíocht ina gcuirfear an t-iarrthóir oiriúnach ag obair.

Critéir incháilitheachta:

–          náisiúntacht na hOstaire/na hÍsiltíre a bheith agat;

–          cearta na saoránach a bheith agat mar shaoránach;

–          aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat;

–          tú a bheith ábalta na teistiméireachtaí carachtair iomchuí a chur ar fáil i dtaca le d’oiriúnacht féin do dhualgais an phoist.

Ní mór leibhéal oideachais a bheith agat is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad, ar baineadh dioplóma amach dá bharr atá aitheanta go hoifigiúil i gceann de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Ní mór taithí ghairmiúil dhá bhliain ar a laghad a bheith agat a bhfuil baint aici leis na gníomhaíochtaí atá liostaithe i sainchuntas an phoist (i.e. faoi na réimsí oibre seo: comhairle agus tacaíocht d’Fheisirí na Parlaiminte agus do chomhlachtaí parlaiminteacha, bainistiú acmhainní, dlí, beartas faisnéise agus cumarsáide, TF, slándáil TF, bainistiú tionscadail). 

Ní mór eolas cuimsitheach (leibhéal C1 ar a laghad) a bheith agat ar an nGearmáinis (teanga 1) / ar an Ollainnis (teanga 1), agus eolas sásúil (leibhéal B2 ar a laghad) a bheith agat ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 2): Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris.

Céimeanna an chomórtais:

1.     Réamhroghnú (triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach) agus seiceáil incháilitheachta

a)     Réamhroghnú (triail ceisteanna ilrogha réimse-shonrach)

b)     Critéir shonracha incháilitheachta a sheiceáil

2.     Trialacha

a)     Triail dréachtaithe

b)     Agallamh

Conas iarratas a dhéanamh:

Ní mór duit iarratas a dhéanamh trí ardán Apply4EP.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an leathanach tiomanta ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa.

An sprioc‑am le haghaidh iarratas:  12:00 (meán lae), am na Bruiséile, an 12 Aibreán 2024.