Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Ancairí a bhfuil baint acu leis na hinniúlachtaí ginearálta

Is féidir leat ‘ancairí’ a fháil a bhaineann leis na hinniúlachtaí ginearálta agus a thomhaistear mar chuid den Ionad Measúnaithe ach cliceáil ar an gcnaipe/na cnaipí thíos. 

Tá cúig ‘ancaire’ shainithe i ngach inniúlacht ghinearálta, mar atá gnéithe a chuirtear san áireamh agus inniúlacht á measúnú. Breathnaítear ar iarrthóirí le haghaidh gach ancaire ar leithligh agus tugtar marc foriomlán dóibh a fhreagraíonn don inniúlacht. Tá cur síos ar na hancairí ar fáil anois. 

(Cuirfear leaganacha teanga eile leis an méid sin in am trátha.)

Má tá eolas uait ar na trialacha uile a bheidh le déanamh i bpróiseas roghnúcháin ar leith, féach an fógra comórtais nó an glao ar léiriú spéise.

Tá tuilleadh eolais agus tuilleadh samplaí de thrialacha le fáil ar an leathanach ‘Trialacha samplacha’.

Gach ceart faoi chosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhaisnéis atá foilsithe ar an leathanach gréasáin seo a atáirgeadh, a stóráil i mbunachar sonraí ná i gcóras aisghabhála, ná a tharchur, i bhfoirm ar bith nó ar mhodh ar bith, gan cead a fháil i scríbhinn roimh ré ó EPSO, nó de réir mar atá ceadaithe go sainráite sa dlí.