Salta al contenuto principale

An féidir a rá liom cad iad na cúig theanga a thairgfear do thrialacha an ionaid measúnaithe agus do thriail an bhosca ríomhphoist?

Caithfear fanacht go dtí deireadh na chéad chéime den chlárúchán agus na sonraí a bhailiú ó na hiarratais ar fad sular féidir liosta de na teangacha is mó atá luaite ag na hiarrthóirí a thiomsú. Níl na staitisticí ó na comórtais a rinneadh roimhe seo ábhartha mar tá siad claonta sa mhéid is go mbíodh sé éigeantach Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a roghnú.

Is féidir breathnú ar an tuarascáil Eorpach maidir leis na teangacha is mó labhairt agus úsáid chun treoir a fháil. Ach ní haon deimhniú é i dtaobh na dteangacha a thairgfear. Ina theannta sin, na cúig theanga a dhéanfaidh EPSO a thairiscint ar bhonn na sonraí a gheofar ó na hiarratais i ndeireadh na chéad chéime den chlárúchán, is faoi na hinstitiúidí a bheidh sé glacadh leis na teangacha sin.