Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Conas iarratas a dhéanamh

Bíonn éagsúlacht sna próisis roghnúcháin le haghaidh fostaíochta in institiúidí an Aontais Eorpaigh, ag brath ar na catagóirí foirne ar a bhfuil iarratas á dhéanamh ag iarrthóirí.

Léigh na ranna thíos chun eolas mionsonraithe faoi gach catagóir a fháil. Go ginearálta is í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) a bhíonn i gceannas ar an roghnúchán, go háirithe i gcás baill foirne bhuana.

Is féidir leat dul chuig leathanach na dtrialacha EPSO freisin, áit a bhfaighidh tú forléargas ar ár dtrialacha agus eolas faoi na scileanna is gá chun go n-éireoidh leat.

Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach ar na rialacháin foirne agus ar an leathanach Ceisteanna Coitianta maidir le EPSO. Tuilleadh eolais faoi phróifílí gairmréime in institiúidí an Aontais atá ag EPSO agus faoi dheiseanna fostaíochta atá ar fáil.

Foireann bhuan

The EU institutions select permanent staff through open competitions advertised on our website page.

A Notice of Competition accompanies each open competition, providing all details about the job profile sought, duties, eligibility criteria and selection procedures.

All applicants must create an EPSO account, the main tool to receive notifications and communications during a selection procedure.

A Selection Board, appointed for each competition, is responsible for evaluating candidates throughout the process.

Competitions are announced in all EU official languages. There are several steps to a selection procedure, each with a variety of tests and other methods assessing core competencies and professional skills:

  • Talent screener, for specialist competitions. Candidates are asked to list all their professional skills, experience and qualifications, which will then be assessed by the Selection Board.
  • Assessment centre, the final stage for the testing of general and field-related competencies. Through various tests, Selection Board members evaluate skills such as analysis and problem-solving, communicating, prioritising and organising, delivering quality and results, and others.

The selection procedure is designed to establish a reserve list of successful candidates.

Whenever recruitment needs arise, the EU institutions search for suitable candidates in the reserve list and invite the ones who best fit the vacant position to a job interview.

Depending on the competition, a selection procedure for permanent EU staff may last from a few up to several months.

You can also find out more about EPSO tests, including "EPSO tests: myths and facts", in our FAQs section.

Baill foirne ar conradh

Earcaítear baill foirne ar conradh ar dhá bhealach:

1) Gníomhairí ar conradh / CAST Buan 

D’fhéadfaí Gníomhairí ar conradh a earcú trí phróiseas roghnúcháin CAST Buan

Is uirlis roghnúcháin do ghníomhairí ar conradh CAST. Ciallaíonn Buan gur roghnúchán é nach bhfuil dáta clabhsúir ná sprioc-am le haghaidh iarratas ag dul leis.

Ar an leathanach faoi dheiseanna fostaíochta, tiocfaidh tú ar Ghlaonna ar Léiriú Spéise CAST Buan le haghaidh próifílí ar nós an airgeadais, gnóthaí polaitíochta/beartais an Aontais, rúnaithe agus cléirigh, teicneolaíocht faisnéise, an dlí, an chumarsáid, gan ach cuid acu a lua. Ba cheart d’iarratasóirí na treoracha a bhaineann le gach ceann de na glaonna a leanúint.   

Le tabhairt faoin nós imeachta iarratais is gá duit cuntas EPSO a chruthú agus sonraí pearsanta, gairmiúla agus oideachasúla a chur isteach i mbunachar sonraí CAST.

Ní hionann iarratas a chur isteach don phróiseas roghnúcháin CAST Buan agus a rá go dtabharfar cuireadh go huathoibríoch d’iarrthóirí na trialacha a dhéanamh. 

Nuair a thagann riachtanais earcaíochta chun cinn, d’fhéadfadh institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais bunachar sonraí CAST a chuardach agus líon teoranta iarrthóirí ag a bhfuil a scileanna ag teacht le riachtanais an phoist atá i gceist a chur ar an ngearrliosta.

Na hiarratasóirí réamhroghnaithe sin, tabharfar cuireadh dóibh chun trialacha arna n-eagrú ag EPSO a dhéanamh: trialacha ilrogha ar ríomhaire (MCQ) lena gcuimsítear trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí; Triail inniúlachta (eolas ar réimse na speisialtóireachta) nó triail tuisceana teanga (do phróifílí teangeolaithe).  Go dtí go ndéanfar athruithe ar an gcóras trialacha, is é EPSO amháin a bheidh freagrach as na trialacha réasúnaíochta a eagrú, ach ní bheidh sé freagrach as na trialacha inniúlachtaí. Déanfaidh seirbhísí earcaíochta institiúidí an Aontais Eorpaigh nós imeachta roghnúcháin na ngníomhairí ar conradh a chur in oiriúint dá réir, agus coinneoidh siad a seirbhísí ábhartha ar an eolas faoin nós imeachta is infheidhme.

Na hiarrthóirí sin a n-éiríonn leo sna trialacha, féadfar cuireadh a thabhairt dóibh agallamh a dhéanamh agus iad a earcú dá réir.

Faigh tuilleadh eolais faoin bpróiseas ar ár leathanach CAST Buan. Is féidir leat iarratas díreach a dhéanamh ón leathanach sin freisin.  

 

2) Gníomhairí ar Conradh – Folúntais ad hoc

Féadfaidh institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais baill foirne ar conradh a earcú freisin chun poist ar leith a líonadh aon uair is gá. Sa chás sin, féadfar go mbeidh saineolaithe ag teastáil chun réimse rólanna a chlúdach, ó chúntóir airgeadais, go heolaí sóisialta, stiúrthóir gréasáin, innealtóir cibearshlándála, gach ach cúpla ról a lua. 

Níl aon próiseas ar aon dul leis an bpróiseas atá ann do CAST Buan sa mhéid is go bhfuil sprioc-dháta le haghaidh iarratas ann i dtaca le gach folúntas, sin agus go bhfuil faisnéis ag gabháil leis na folúntais maidir leis an nós imeachta iarratais agus earcaíochta chomh maith leis na sonraí go léir eile.

Foilsíonn institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais folúntais ad hoc do bhaill foirne ar conradh agus socraíonn siad a gcuid nósanna imeachta iarratais agus earcaíochta féin

Féadfaidh tú teacht ar fholúntais oscailte do bhaill foirne ar conradh ar leathanach na ndeiseanna fostaíochta

Foireann shealadach

Earcaítear gníomhairí sealadacha chun oifigigh a ionadú nó chun seirbhísí áirithe a neartú, ar feadh tréimhse theoranta ama de ghnáth. 

D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le foireann shealadach le haghaidh róil éagsúla amhail eolaithe sóisialta, bainisteoirí tionscadail, aistritheoirí, anailísithe eolaíocha, oifigigh chlársceidealaithe, agus go leor eile. 

Institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais atá ag earcú, féadfaidh siad folúntais le haghaidh foireann shealadach a fhoilsiú ar an leathanach deiseanna fostaíochta atá ag EPSO, agus féadfaidh siad an próiseas roghnúcháin a eagrú as a stuaim féin.

D’fhéadfaidís eagrú an phróisis roghnúcháin a tharmligean chuig EPSO ag brath ar na riachtanais éagsúla a d’fhéadfadh teacht chun cinn ar thráth áirithe. Sa chás deireanach sin, bíonn Glao ar Léiriú Spéise ag gabháil leis an bpróiseas roghnúcháin agus bíonn sonraí ann faoi phróifíl an phoist atá á lorg, faoi na critéir incháilitheachta agus faoi na trialacha.

D’fhéadfadh sé go mbeadh tuilleadh post le fáil ar shuíomhanna gréasáin na bhfolúntas atá ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh.
 

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht

Is éard is saineolaithe náisiúnta ar iasacht ann státseirbhísigh cháilithe ó Bhallstáit an Aontais a chuireann a saineolas ar fáil don Aontas ar feadh tréimhse ama shocraithe.

Earcaíonn institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais iad nuair a bhíonn gá acu le baill foirne ag a bhfuil na sainscileanna is féidir le saineolaithe náisiúnta ar iasacht a chur ar fáil: saineolas teicniúil, slándála, dlíthiúil agus airgeadais, i measc go leor eile.

Is minic a fhógraítear poist mar shaineolaí náisiúnta ar iasacht ar leathanach na ndeiseanna fostaíochta atá ag EPSO. Na sonraí uile a bhaineann leis an bpróiseas roghnúcháin, le coinníollacha na hiasachta, le critéir incháilitheachta agus le cineál na gcúraimí, is féidir iad a fháil san fhógra folúntais lena mbaineann. 

Is iad institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a bhíonn i gceannas ar a n-iarratas agus ar a bpróisis earcaíochta féin. 

Téigh i dteagmháil le buanionadaíocht do thíre chuig an Aontas Eorpach chun teacht ar eolas maidir leis na deiseanna atá ann faoi láthair.

Eile
  • Baill foirne eatramhacha

Fostaíonn gníomhaireacht fostaíochta sealadaí baill foirne eatramhacha chun cúraimí a dhéanamh in institiúidí an Aontais ar bhonn sealadach. Ní baill foirne de chuid an Aontais Eorpaigh iad.

Cuimsíonn baill foirne eatramhacha róil éagsúla, amhail róil láimhe, róil theicniúla agus róil shonracha eile.

Gníomhaireachtaí sa Bhruiséil

Randstad
Rue des Princes 8-10
1000 Bruxelles
Teil: +32 2 643 4790
Ríomhphost: inhouse_1230@randstad.be
Suíomh gréasáin: www.randstad.be

Start People
Rue Royal, 153
1210 Brussels
Teil: +32 2 212 1920
Ríomhphost: eu@startpeople.be

DAOUST
Galerie de la porte Louise 203/5
1050 Bruxelles
Teil: +32 2 513 14 14
Ríomhphost: publicsector@daoust.be
Suíomh gréasáin: www.daoust.be

 

Gníomhaireachtaí i Lucsamburg

Randstad
5, Rue des primeurs
L-2361 Strassen
Lucsamburg

ADECCO Luxembourg S.A.
5, Rue des Mérovingiens
L-8070 Bertrange
Lucsamburg

 

  • Saineolaithe an Aontais Eorpaigh

Is féidir le saineolaithe i réimse beartais a bhaineann leis an Aontas Eorpach a ndintiúir a chlárú i mbunachar sonraí saineolaithe a bhíonn á choinneáil ag institiúid nó gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh.

Is féidir saineolaithe cláraithe a earcú le haghaidh cúraimí sonracha ansin, de réir mar is gá.

Faigh amach conas is féidir leat a bheith i do shaineolaí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.

Féach freisin Seirbhís Faisnéise um Thaighde agus Forbairt an Chomhphobail (CORDIS).

 

  • Cúntóirí Parlaiminteacha

Bíonn cúntóirí parlaiminteacha ag obair go díreach le Feisirí Pharlaimint na hEorpa agus cuidíonn siad leo ina gcuid oibre trí líon mór cúraimí a dhéanamh. Is sa Bhruiséil, in Strasbourg nó i Lucsamburg atá na poist lonnaithe.

Féach suíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa chun tuilleadh eolais a fháil.

Féach freisin suíomhanna gréasáin ghrúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa chun eolas a fháil ar a nósanna imeachta earcaíochta féin.

 

  • Saor theangeolaithe

Is féidir gairmréim fhéinfhostaithe a bhaint amach mar aistritheoir nó ateangaire le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh.

Le bheith i d’aistritheoir féinfhostaithe:

  • leis an gCoimisiún Eorpach, féach na glaonna ar thairiscintí.
  • leis an gCúirt Bhreithiúnais, féach na fógraí conartha.

Le bheith i d’ateangaire féinfhostaithe sa Choimisiún Eorpach, i bParlaimint na hEorpa nó i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, féach leat Ag ateangaireacht san Eoraip.

 

  • Foireann cothabhála agus ceaintín

Earcaítear oibrithe cothabhála agus baill foirne ceaintín trí ghníomhaireachtaí seachtracha conarthacha.

Is trí nósanna imeachta tairisceana oscailte a bhronntar na conarthaí.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar leathanach mhaoiniúcháin agus tairiscintí an Aontais.