Skip to main content

Trialacha ar a ndéantar feitheoireacht chianda

picture of someone using a laptop

Is rogha straitéiseach é an t-aistriú chuig trialacha ar a ndéantar feitheoireacht chianda le haghaidh comórtais uile EPSO, rogha a d’fhormhuinigh an bord bainistíochta (comhlacht rialaithe idirinstitiúideach EPSO). Is é is aidhm dúinn a bheith níos gasta agus níos nua-aimseartha, agus rannchuidiú le ‘beartas glas’ an Aontais agus an chostéifeachtúlacht a chinntiú ag an am céanna. Is forbairt de réir a chéile é sin, lena gcuirtear EPSO i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann faoi láthair le haghaidh próisis roghnúcháin foirne ar an mórchóir.

Tuigeann EPSO nach mbeidh cur amach ag go leor daoine ar thrialacha ar a ndéantar feitheoireacht chianda go fóill. Is mian linn a chinntiú gur féidir le gach iarrthóir dul i dtaithí ar an gcaoi a n-oibríonn na trialacha ar a ndéantar feitheoireacht chianda go praiticiúil. Ar an ábhar sin, tá roinnt nótaí poiblí cruthaithe againn darb aidhm a oiread eolais agus treoraíochta is féidir a thabhairt duit, sula gcuirfidh tú isteach ar na próisis roghnúcháin agus sula dtabharfar cuireadh duit triail a dhéanamh.

Eolas agus nótaí treoracha EPSO:

Na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh tabhairt faoi thrialacha ar a ndéanfar feitheoireacht chianda, gheobhaidh siad treoracha níos sonraí ó EPSO lena gcuirí.

Moltaí ó Prometric le haghaidh eispéireas tástála digiteach níos rianúla

Seo roinnt príomh-mholtaí ar mhaith le Prometric, conraitheoir seachtrach EPSO, a chur in iúl do na hiarrthóirí uile a shuíonn ár bpróisis roghnúcháin ar líne leis an Aip ProProctor:

  • Ba cheart duit a chinntiú go ndéanann tú an Aip ProProctor a íoslódáil ó eu-rpcandidate.prometric.com. Rud tábhachtach: má shuiteáil tú an Aip roimhe seo, ní mór duit an Aip a dhíshuiteáil agus é a athshuiteáil arís.
  • Ní mór an córas oibriúcháin Windows 8.1 nó níos airde, nó macOS 10.13 nó níos airde (ní thacaítear le MacOS Sonoma) a bheith agat.
  • Ní mór duit ceamara gréasáin agus micreafón feidhmiúil a bheith agat atá cumraithe i gceart le linn an tseisiúin tástála ar fad.
  • Ní féidir leat Meaisín Fíorúil (VM) a úsáid chun na trialacha seo a dhéanamh.
  • Rud tábhachtach: féadfaidh ballaí dóiteáin, VPNanna, agus/nó socruithe slándála eile ar ríomhairí corparáideacha agus príobháideacha srian a chur ar do chumas an Aip ProProctor a sheoladh, fiú má d’éirigh leis an tSeiceáil Ullmhachta Córais.
  • Cuimhnigh gurb é 1920 x 1080 an taifeach scáileáin atá molta. Is é 1024 x 768 an taifeach íosta a theastaíonn.
  • Rud tábhachtach: Bí cinnte nach n-úsáidfidh tú ach na dintiúir logála isteach a tugadh duit i ríomhphost deimhniúcháin Prometric chun earráidí córais a sheachaint:
    1. Cuir an UIMHIR DHEIMHNITHE i réimse na hUimhreach Deimhnithe agus
    2. cuir an CÓD DEIMHNITHE sa réimse sloinne den Aip ProProctor agus do sheisiún tástála á sheoladh agat.

Tá súil againn go gcabhróidh na príomh-mholtaí seo leat eispéireas tástála dhigitigh níos fearr a bheith agat.