Cén uair a chuirfear torthaí thriail na gceisteanna ilrogha CAST/P chugam?
Question categories:
- Cuirtear torthaí na dtrialacha in iúl trí do chuntas EPSO thart ar 10-15 lá tar éis dheireadh thréimhse na dtrialacha.
- Sula bhfoilseofar na torthaí déanfar iad a fhíorú, a fhormheas agus a bhailíochtú. A luaithe a chuirfear na torthaí in iúl duit, ní fhéadfar cruinneas na gceisteanna a cheistiú níos mó.
Cad is ceart dom a dhéanamh má bhíonn fadhb theicniúil nó eagrúcháin agam le linn trialacha cianda, ar fadhb í a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thoradh na dtrialacha a mhéid a bhaineann liom féin?
Má bhíonn fadhb ann:
- cuir an fhadhb ar a shúile d’fheitheoir, nó cuir pointe teagmhála/tacaíochta tiomnaithe ar an eolas láithreach bonn ionas gur féidir teacht ar réiteach pras, agus iarr go ndéanfar an fhadhb a logáil i scríbhinn AGUS
- cuir scéala chuig EPSO laistigh de 1 lá féilire amháin (i.e. faoi dheireadh an lae tar éis lá na dtrialacha) tríd an bhfoirm theagmhála ar líne agus déan cur síos achomair ar an bhfadhb.