Cé hiad na rialacha iompair sna hionaid trialacha ar ríomhaire?
Aon duine nach gcomhlíonann na rialacha iompair, is féidir go gcuirfear amach as an ionad trialacha agus go ndícháileofar ón gcuid eile den phróiseas roghnúcháin é.
Ní mór Rialacha Ionaid Trialacha Prometric (a bheidh le fáil freisin san ionad trialacha lá na dtrialacha) a chomhlíonadh agus na treoracha uile ó fhoireann an ionaid trialacha a leanúint.
Déantar feitheoireacht ar gach seisiún agus déantar gach seisiún a fhístaifeadadh. Chun a chinntiú go mbeidh an tslándáil i réim san ionad trialacha, siúlfaidh na feitheoirí tríd an seomra go rialta agus na hiarrthóirí i mbun na dtrialacha.
Is ceadmhach bia agus deoch a thabhairt isteach sa seomra feithimh ach ní ceadmhach iad a thabhairt isteach sa seomra trialacha. Ní chuirtear bia agus deoch ar fáil sna hionaid trialacha.
Ní mór na trialacha a dhéanamh agus gan aon áis ná trealamh d'aon saghas de chúnamh agat, seachas iad sin a chuirfear ar fáil duit san ionad trialacha.
Na rudaí ar fad a bhfuil toirmeasc orthu (e.g. uaireadóirí, páipéar agus pinn, leabhair, nótaí, treoracha, málaí cáipéisí, málaí, áireamháin, ríomhairí, ríomhairí glúine, táibléid, fóin phóca, seinnteoirí MP3, ceamaraí), ní mór iad a fhágáil sna taisceadáin a bheidh ar fáil. Aon ghléas a chuireann fuaim as, ní mór é a mhúchadh. I gcás cuid de na trialacha aistriúchán (má tá sin luaite san fhógra comórtais), bíonn cead ag iarrthóirí a gcuid foclóirí a thabhairt isteach. Féach an cheist choiteann seo: "An bhfuil cead agam mo chuid foclóirí a úsáid sna trialacha?".
Is féidir go mbeidh ort do spéaclaí a bhaint díot roimh dhul isteach san ionad trialacha ionas gur féidir iad a scrúdú go grinn.
Ní ceadmhach seodra seachas fáinní pósta agus fáinní gealltanais a chaitheamh sa seomra trialacha.
Aon bhaill éadaigh nó píosaí seodra is ceadmhach a chaitheamh sa seomra trialacha, ní mór iad a choinneáil ort i rith an ama. Aon bhaill éadaigh nó seodra a bhaineann tú díot, ní mór iad a stóráil sa taisceadán.
Ní ghlacann Prometric ná EPSO le haon fhreagracht as rudaí a thugtar go dtí an t-ionad trialacha agus a chailltear nó a ndéantar damáiste dóibh.
Ós rud é nach ndéanfar an scanadh slándála ar iarrthóirí atá ag súil le breith, is ceart don iarrthóir nach mian leis dul faoin scanadh foireann Prometric a chur ar an eolas faoi sin.
Tá lántoirmeasc ar ábhar trialach a chóipeáil nó a thaifeadadh ar aon dóigh agus ar é a chur ar fáil go poiblí. Is le EPSO ábhar uile na dtrialacha.
Tá lántoirmeasc ar thabac a chaitheamh san ionad trialacha.
Ní ceart labhairt sa seomra trialacha. Má bhíonn aon chúnamh de dhíth ort, cuir sin in iúl d'fheitheoir trí do lámh a chur suas.
Ní ghlacfar le haon iompar drochbhéasach, díspeagúil, nó bagarthach i leith baill foirne den ionad trialacha nó i leith iarrthóirí eile agus is féidir go ndícháileofar an duine a iompraíonn é féin mar sin ón gcomórtas.