Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Conas na trialacha ceisteanna ilrogha ar ríomhaire a athsceidealú?

Le linn na tréimhse déanaimh coinní agus thréimhse na dtrialacha is féidir an choinne a athsceidealú don triail ceisteanna ilrogha ar a ndéanfar feitheoireacht chianda ach an t-am atá á lorg a bheith ar fáil, agus ar na coinníollacha seo a leanas:

  • i dtús báire, is ceart fanacht go dtí go n-uaslódálfar an deimhniú coinne ar do chuntas EPSO (faoi cheann 24 uair an chloig ón am a rinneadh an choinne, de ghnáth), mar is ann a bheidh an uimhir dheimhniúcháin agus an cód a bheidh de dhíth ort chun an coinne a athsceidealú;
  • is féidir an choinne a rinneadh roimhe a athsceidealú tráth ar bith suas go dtí an lá roimh an gcoinne;
  • is as na coinní a bheidh ar taispeáint sa chóras, agus astu sin amháin, is féidir an choinne nua a roghnú;
  • ní mór an nós imeachta athsceidealaithe a dhéanamh ina iomláine, go dtí an scáileán deireanach (mura ndéanfar ina iomláine é, beidh an chéad choinne bailí fós);

Is féidir teacht ar chóras bainistithe coinní Prometric tríd an nasc sa deimhniú coinne i do chuntas EPSO. Foilsítear na sonraí iomlána maidir leis an nós imeachta sa chuireadh.