Inrochtaineacht
Is í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) a bhainistíonn an suíomh gréasáin seo. Tá sé ceaptha ar bhealach go mbeidh an oiread daoine agus is féidir in ann úsáid a bhaint as, agus ba cheart an oiread daoine agus is féidir a bheith in ann an t-ábhar atá air a rochtain agus a thuiscint.
Féachann EPSO le comhionannas deiseanna agus rochtain chomhionann a thabhairt do gach iarrthóir gan beann ar ghnéas, cine, dath, bunús eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéasach.
Stádas comhlíontachta
Tá an suíomh gréasáin seo deartha chun cloí leis an gcaighdeán teicniúil le haghaidh suíomhanna gréasáin agus aipeanna móibíleacha, EN 301 549 v2.1.2. Tá cuid de i gcomhréir le leibhéal ‘AA’ de leagan 2.1 de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG).
Cé go bhfuil ár seacht ndícheall déanta againn inrochtaineacht iomlán ar an suíomh gréasáin a bhaint amach, d’fhéadfadh sé go mbeadh ábhar áirithe ann, amhail cuid de na doiciméid agus físeáin, nach bhfuil barrfheabhsaithe go fóill. Táimid ar an eolas faoi na lochtanna sin. Bímid ag déanamh monatóireacht ar an staid i gcónaí, agus tá ár ndícheall á dhéanamh againn feabhas a chur ar na gnéithe inrochtaineachta.
Aiseolas
Roinn d’aiseolas linn le do thoil chun cabhrú linn feabhas a chur ar an suíomh. Má bhíonn deacrachtaí agat rochtain a fháil ar chodanna áirithe den suíomh gréasáin seo, déan teagmháil linn agus tiocfaimid ar ais chugat a luaithe is féidir.