Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh

Teagmháil a dhéanamh linn

Before contacting us, please make sure you have read our FAQs carefully. Most of the questions we receive have already been answered in this section.

For other queries not found in the FAQs, please select the appropriate contact form below.

Ceisteanna/Nótaí Tráchta

Má tá suim agat i ndeiseanna gairme nó i bpróisis roghnúcháin institiúidí an Aontais Eorpaigh, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hIonad Teagmhála EUROPE DIRECT (in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh).

Má tá aon cheist agat i dtaca le do phróiseas roghnúcháin, d’iarratas nó do thrialacha, is ceart teagmháil dhíreach a dhéanamh le EPSO agus gheobhaidh tú freagra laistigh de 5 lá oibre de ghnáth. Mar sin féin, i dtaca le ceisteanna níos casta nó ceisteanna is gá a aistriú, is féidir go dtógfaidh sé tuilleadh ama.

D’fhéadfadh sé go dtógfadh sé cúpla soicind le do cheist a chur isteach. Fan go dtí go mbeidh sé críochnaithe agus ná cliceáil ar an gcnaipe níos mó ná uair amháin. Chuirfeadh sé sin bac ar an gcóras.

Tar éis duit do cheist a chur isteach go rathúil, gheobhaidh tú admháil trí ríomhphost agus uimhir thagartha ag gabháil leis. Iarrtar ort an uimhir thagartha sin a lua i ngach comhfhreagras a dhéanfar le EPSO ina dhiaidh sin ar an ábhar céanna. Mura bhfaigheann tú an admháil tar éis 5 nóiméad, cuir an teachtaireacht isteach arís le do thoil.

Féach leat an dóigh a ndéanfar do chuid sonraí pearsanta a láimhseáil.

Gearáin

Más mian leat gearán a dhéanamh maidir le d’iarratas ar phróiseas roghnúcháin dár gcuid, iarrtar ort an fhoirm seo a úsáid chuige sin.

D’fhéadfadh sé go dtógfadh sé cúpla soicind le do cheist a chur isteach. Fan go dtí go mbeidh sé críochnaithe agus ná cliceáil ar an gcnaipe níos mó ná uair amháin. Chuirfeadh sé sin bac ar an gcóras.

Tar éis duit do cheist a chur isteach go rathúil, gheobhaidh tú admháil trí ríomhphost agus uimhir thagartha ag gabháil leis. Iarrtar ort an uimhir thagartha sin a lua i ngach comhfhreagras a dhéanfar le EPSO ina dhiaidh sin ar an ábhar céanna. Mura bhfaigheann tú an admháil tar éis 5 nóiméad, cuir an teachtaireacht isteach arís le do thoil.

Sula gcuire tú do ghearán isteach, molann EPSO duit ár mBeartas Réitigh Gearán a léamh go cúramach.

Féach leat an dóigh a ndéanfar do chuid sonraí pearsanta a láimhseáil.

Seoladh poist

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne
L-107
B-1049 an Bhruiséil
An Bheilg

Teagmhálaithe i do Bhallstát


Cuireann roinnt Ballstáit den Aontas Eorpach oiliúint agus tacaíocht ar fáil do náisiúnaigh an Aontais. 

Féach liosta na dteagmhálaithe i do Bhallstát go bhfeicfidh tú an féidir leo tacú leat agus conas a dhéantar sin.